Ócáid speisialta á heagrú ag CLG chun Seachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh

Dé Domhnaigh beag seo, an 8 Márta, beidh painéal cainteoirí Gaeilge ag plé an ábhair ‘Mná i Spórt’ i bPáirc an Chrócaigh

Ócáid speisialta á heagrú ag CLG chun Seachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh

Páirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Beidh ócáid speisialta ann i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo agus Cumann Lúthchleas Gael, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus Seachtain na Gaeilge.

Dé Domhnaigh beag seo, an 8 Márta, beidh painéal cainteoirí Gaeilge ag plé an ábhair ‘Mná i Spórt’ agus aíonna speisialta i láthair.

Ar an bpainéal beidh Eimear Considine, imreoir rugbaí na hÉireann, iarimreoir peile an Chláir agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge; Valerie Mulcahy, a bhuaigh Craobh na hÉireann deich n-uaire le peileadóirí Chorcaí; agus Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir spóirt le TG4.

Is í an craoltóir aitheanta Gráinne McElwain, duine eile d’ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, a bheidh mar chathaoirleach ar an bpainéal.

Beidh taispeántas speisialta ann ag tús an lae chomh maith agus cúigear imreoirí idirchontae sa chamógaíocht cathaoireacha rothaí ag léiriú a scileanna mar chuid den scéim ‘GAA do Chách’.

“Is cúis mhór áthais dúinn gur féidir linn ‘CLG do Chách’ nó ‘GAA For All’, ról na mban i gcúrsaí spóirt agus an Ghaeilge a cheiliúradh le chéile mar chuid de Lá Idirnáisiúnta na mBan agus de Sheachtain na Gaeilge,” a dúirt Gearóidín Ní Thaibhís, Oifigeach Náisiúnta Éagsúlachta agus Rannpháirtíochta CLG.

Cuirfear tús leis an ócáid i bPáirc an Chrócaigh ag 6.00pm.

Tá roinnt spásanna ar fáil go fóill dóibh siúd atá ag iarraidh freastal ar an ócáid. Is féidir áit a chur in áirithe trí ríomhphost a sheoladh chuig jamie.otuama@gaa.ie.

Fág freagra ar 'Ócáid speisialta á heagrú ag CLG chun Seachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh'