Obair tí le déanamh? Ná bac The Konmari Method, cloígh le bealach Chonamara!

Is maith glan ach ní maith róghlan agus scaití, caithfidh tú a rá leat féin go bhfuil sách maith sách maith, a deir ár gcolúnaí

Obair tí le déanamh? Ná bac The Konmari Method, cloígh le bealach Chonamara!

Níl deireadh ar bith le hobair tí. Bhreathnaigh mé suas an lá cheana agus chonaic mé meall mór neadacha damhán alla thuas sa gcúinne.

‘Dé Sathairn seo chugainn, tabharfaidh mé glanadh maith do na coirnéil,’ a dúirt mé liom féin. Tá trí Shatharn tagtha agus imithe ó shin agus tá baile beag na ndamhán alla fós slán.

Chuala mé an lá cheana go mbeidh feachtas náisiúnta glantacháin an earraigh ar bun ar feadh mhí Aibreáin. Feachtas é atá á reáchtáil ag An Taisce le seacht mbliana déag anuas chun daoine a spreagadh chun dul amach ina gceantar féin ag glanadh. Is féidir clárú leo anseo.

Is dócha gur mar gheall ar an bhfeachtas glantacháin a leaindeáil bean ón gcomharsanacht ag an doras againn an t-am seo anuraidh is shín miotógaí rubair, mála bruscair agus seicliosta chugam gan aon choinne.

Tháinig mé amach an doras lá eile is bhí sí féin agus bean eile, an bheirt acu go maith in aois an phinsin, ag péinteáil an bhalla tosaigh ar an teach s’againne. Ní mór ceisteanna diana a chur ort féin nuair a thagann tú ar bheirt phinsinéirí agus iad ag péinteáil do thí.

Faoin am gur thug muid faoi deara go raibh siad ann, bhí siad ag dul anonn is anall le scuaba beaga agus ciumhais péint dhubh á péinteáil acu ar bun an bhalla. Ní chuimhním go raibh aon leid tugtha againn dóibh gur thaitin ciumhaiseanna dubha linn. Go deimhin, ní raibh sé i bhfad roimhe sin ó chuir muid péint bhán air.

Ach ní mór ómós a thabhairt don aois agus ba léir go raibh fiabhras glantacháin an earraigh éicint tagtha orthu is ní raibh sé de chroí ionam tada a rá leo.

Nuair a thagann an t-earrach, ní am é le bheith sa gclúid. Is ní mór do na damháin alla a bheith ar a n-airdeall.  Dá mbeadh leisce orm, ní hé go bhfuil, ach dá mbeadh, d’fhéadfainn tagairt don seanchas agus go ndeirtí nár cheart aon damhán alla a mharú.

An chúis atá leis seo, más buan mo chuimhne, ná gur thug an damhán alla cúnamh d’Íosa Críost is a mhuintir is iad ag iarraidh dul i bhfolach ar shaighdiúirí an Rí Héaród. Nach bhfuil corrchoirnéal sa teach tuillte ag an gcréatúr as an soilíos sin?

Ghéill mé don chaint uilig le deireanas is léigh mé an leabhar The Life-Changing Magic of Tidying Up a scríobh bean ón tSeapáin, Marie Kondo a bhfuil cultas idirnáisiúnta spreagtha aici. The Konmari Method a thugann a lucht leanta ar an gcur chuige atá molta aici.

Molann sí chuile shórt atá agat a tharraingt amach as na cófraí agus chuile ní beo acu a thógáil i do láimh ceann ar cheann agus ceist amháin a chur ort féin – ‘An spreagann an rud seo áthas ionam?’

Mura spreagann sé áthas ionat, molann sí an rud, bíodh sé ina leabhar, leathbhádóir nó leathstoca, a chaitheamh amach as an teach ar fad. Ná coinnigh, a deir sí, ach na rudaí sin a spreagann áthas ionat.

Dá mbeinnse ag leanúint modh Konmari, ní bheadh fágtha sa teach agam ach an tolg, an teilí, agus an citeal. Choinneoinn an leathbhádóir agus na leathbhádóirí beaga, ar ndóigh.

Ní ar áthas amháin a mhaireann an duine, áfach. Ceapaim go leanfaidh mé bealach Chonamara in áit Konmari is gabhfaidh mé i muinín na seanfhocal. Ní ualach don cholainn ciall.

Is maith glan ach ní maith róghlan, a deirtear. Scaití, caithfidh tú a rá leat féin go bhfuil sách maith sách maith, nó bheifeá lá is oíche ag imeacht thart le ceirt, ag dustáil is ag cur scéin i ndamháin alla.

Fág freagra ar 'Obair tí le déanamh? Ná bac The Konmari Method, cloígh le bealach Chonamara!'

  • Gan freebies ar bith

    Tá an leabhar céanna léite agam féin, a Bhridget, agus chuile bhlúire beag de ghiúrléidí dá raibh agam caite amach agam dá bharr. Níor chaith mé amach na freebies a fuair mé ó Tuairisc.ie mar nach bhfuair mé freebie ar bith uathu, fiú agus mé chomh dúthrachtach sa mbosca tráchtaireachta. Is dócha nach bhfaighfinn i mo chroí é na freebies a chaitheamh amach dá mba rud é go raibh siad agam. Samhlaím pinn, hataí, d’fhéidir fiú málaí spóirt, coinnle Jo Malone a bhfuil brandáil Tuairisc.ie orthu. An muga poircealláin féin.