Obair mhór le déanamh ag Baile Mhac Cairbre le seaimpíní na hÉireann a chloí sa chluiche ceannais

Tá Cill Chóirín-Cluain Bheirn na Gaillimhe ag iarraidh Craobh Shinsir na hÉireann a bhuachan don tríú bliain as a chéile ach tá dream ina n-aghaidh a bhfuil níos mó craobhacha buaite acu ná atá ag aon chumann eile

Obair mhór le déanamh ag Baile Mhac Cairbre le seaimpíní na hÉireann a chloí sa chluiche ceannais

Sarah Gormally, Cill Chóirín-Cluain Bheirn. Pictiúr: NPHO/Lorraine O’Sullivan

Cill Chóirín-Cluain Bheirn v Baile Mhac Cairbre – Páirc an Chrócaigh, 5.00in (Beo ar TG4)

Tabharfaidh iarphiardaí pheil na mban aghaidh ar na curaidh reatha nuair a chasfaidh Baile Mhac Cairbre agus Cill Chóirín-Cluain Bheirn aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Craobh Shinsir na gClubanna i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Níl níos mó buaite ag aon dream ná na deich gcraobh atá tugtha leo ag Baile Mhac Cairbre ach tháinig an ceann deireanach díobh sin i 1998 agus is é cluiche an lae inniu an chéad uair ag an gcumann as Port Láirge cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach ó shin.

Ar an taobh eile, is iad Cill Chóirín-Cluain Bheirn na Gaillimhe boic mhóra na peile na laethanta seo agus iad sa tóir ar a dtríú craobh as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ag aon fhoireann ó rinne Baile Mhac Cairbre é mar chuid de na seacht gcraobh as a chéile a bhuadar idir 1989-1995.

Is iad na Gaillimhigh rogha láidir na coitiantachta don chluiche seo bunaithe ar a bhfuil bainte amach acu le blianta beaga anuas. Chailleadar an cluiche ceannais in 2019 sular thug siad an chéad chraobh leo in 2021 agus níor leagadh lámh orthu i gCraobh na Gaillimhe le fada agus aon chraobh déag as a chéile buaite acu.

Thug Crócaigh Chill Mochuda dúshlán do Chill Chóirín-Cluain Bheirn i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann cúpla seachtain ó shin ach d’éirigh leis na Gaillimhigh an lá a thabhairt leo i ndiaidh am breise agus seans go seasfaidh an iarracht bhreise sin a bhí ag teastáil an lá sin leo inniu i bPáirc an Chrócaigh.

Tá cuid mhaith deirfiúracha ar an bhfoireann agus baint mhór ag clann Ward, clann Divilly agus clann Noone leis an méid atá bainte amach ag an gcumann. Tá aithne mhaith ar Nicola agus Louise Ward agus ar Olivia Divilly ó bheith ag imirt le Gaillimh le blianta fada anois ach tá an obair a dhéanann Eva, Hannah agus Lynsey Noone agus Siobhán agus Niamh Divilly chomh tábhachtach céanna don chlub.

Má tá Cill Chóirín-Cluain Bheirn gan sárú i nGaillimh, tá ceannas dochreidte ag Baile Mhac Cairbre ar chúrsaí i bPort Láirge agus 42 craobh as a chéile buaite ag an gcumann sa bhaile. I ndiaidh na mblianta órga sin nuair a bhíodar ag buachan craobhacha na hÉireann, chaith Baile Mhac Cairbre tréimhse fhada gan rath i gcúige Mumhan ach chuireadar é sin i gceart anuraidh lena gcéad bhua ó 1998 agus rinneadar an beart arís i mbliana agus Club na mBratach ó chontae an Chláir sáraithe acu faoi dhó.

Bhí bua gan choinne acu i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann i mbliana nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chlann Éireann as Ard Mhacha. D’aimsigh captaen na foirne Aileen Wall cúl tábhachtach agus scóráil Bríd McMaugh ceithre phointe sa chluiche a bhuadar 1-10 in aghaidh 0-5. Imreoir cumasach freisin í Kellyann Hogan i lár na páirce agus tá duine de laochra pheil na mban, Michelle Ryan, ag imirt leo chomh maith cé go bhfuil sí ag teacht ar ais ó ghortú.

Chas Baile Mhac Cairbre agus Cill Chóirín-Cluain Bheirn ar a chéile i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann anuraidh nuair a bhuaigh na Gaillimhigh go héasca, 2-10 in aghaidh 0-2. Beidh na Déisigh ag iarraidh a gcumas a léiriú i gcoimhlint an lae inniu agus teacht aniar aduaidh ar churaidh na hÉireann.

Fág freagra ar 'Obair mhór le déanamh ag Baile Mhac Cairbre le seaimpíní na hÉireann a chloí sa chluiche ceannais'