Obair go leor le déanamh ag foirne le Corn Tailteann a sheachaint

Déanfar craoladh beo tráthnóna ar an gcluiche idir Doire agus Áth Cliath i Roinn 2 ach, aisteach go leor, seans gurb é an cluiche is lú tábhacht sa roinn sin an deireadh seachtaine seo

Obair go leor le déanamh ag foirne le Corn Tailteann a sheachaint

Tá briseadh sa tsraith iomána an deireadh seachtaine seo agus beidh na ceithre chluiche i Roinn 1 na sraithe peile le feiceáil ar TG4, an choimhlint idir Maigh Eo agus Ros Comáin ar bharr an tábla san áireamh.

Tá an dá fhoireann as Cúige Chonnacht dhá phointe chun cinn ar na dreamanna is gaire dóibh ar an tábla agus seans maith go bhfeicfear ceann acu nó an péire i gcluiche ceannais na sraithe. Tá sé i bhfad níos deacra a thuar cé a chríochnóidh ag bun an tábla, agus gan ach dhá phointe idir Tír Eoghain san ochtú háit agus Ciarraí sa tríú háit.

Ní chaillfidh tú soicind amháin den imirt sa phríomhroinn an deireadh seachtaine seo, más sin atá uait, ach sílim go bhfuil na cluichí sa dara roinn níos suimiúla.

Déanfar craoladh beo tráthnóna ar an gcluiche idir Doire agus Áth Cliath i Roinn 2 ach, aisteach go leor, seans gurb é sin an cluiche is lú tábhacht sa roinn sin an deireadh seachtaine seo.

Ceithre bhua ó cheithre chluiche a fuair ag an dá fhoireann sin go dtí seo agus é nach mór cinnte go bhfuil ardú céime go dtí Roinn 1 i ndán dóibh, gaisce nach gcuirfeadh iontas ar mhórán.

Bhí mí-ádh ar Dhoire nár bhaineadar amach ardú céime anuraidh ach tá cuma na maitheasa ar fhoireann Rory Gallagher an t-earrach seo agus greadadh buailte acu ar leithéidí chontaetha na Mí agus Chill Dara le cúpla babhta anuas.

Cé go bhfuil chuile chluiche go dtí seo buaite ag Áth Cliath, níl fir na príomhchathrach i mbarr a réime i láthair na huaire. Ach údar misnigh é filleadh Jack McCaffrey ar an bhfoireann agus tá Paul Mannion le teacht ar ais chomh maith.

Beidh an dá fhoireann a rachaidh chun páirce i nDoire anocht ag iarraidh an bua a fháil ach ní chaillfidh siad codladh na hoíche mura n-éiríonn leo sin a dhéanamh, rud b’fhéidir nach bhfuil fíor faoi na cluichí eile sa roinn chéanna.

Faoi struchtúr nua na craoibhe i mbliana ní bheidh an dá fhoireann a chríochnóidh ag bun Roinn 2 ag imirt i gCraobh Chorn Mhig Uidhir an samhradh seo (mura n-éiríonn leo cluiche ceannais a gcúige a bhaint amach) agus tá Corcaigh, an Lú, an Mhí, an Clár, Cill Dara agus Luimneach uile i mbaol titim go dtí Roinn 3 faoi láthair.

Luimneach is mó atá i dtrioblóid, gan cluiche ar bith buaite acu agus stánáil faighte acu i dtrí cinn de na ceithre chluiche go dtí seo. Bheadh an Mhí ag súil mar sin go bhfaighidís an ceann is fearr orthu amárach, rud a thabharfadh beagán faoisimh d’fhoireann Choilm O’Rourke. Chuirfeadh sé an lasair sa bharrach i gceart dá mbuafadh Luimneach.

Sna cluichí eile i Roinn 2 amárach, caithfidh Cill Dara, atá sa seachtú háit ar an tábla, teacht ar ais ón ngreadadh a thug Doire dóibh an tseachtain seo caite ach is cinnte go dtabharfaidh Mickey Harte agus an Lú cluiche crua dóibh.

Chomh maith le Cill Dara, contae an Chláir an fhoireann eile is mó atá i mbaol agus gan ach dhá phointe acu go dtí seo. Beidh Colm Collins ag súil go mbeidh sé ina bhuntáiste ag a fhoireann a bheith ag imirt sa bhaile agus Corcaigh ag teacht go dtí Páirc Uí Chíosóig. Beidh na Corcaígh ar mhuin na muice tar éis dóibh greasáil a bhualadh ar Luimneach seachtain ó shin.

Cluichí ar an teilifís

Dé Sathairn, 4 Feabhra

Sraith Peile Allianz Roinn 1
Ard Mhacha v Dún na nGall – Páirc Lúthchleasaíochta, 7.30in (Beo ar TG4)

Sraith Peile Allianz Roinn 2
Doire v Áth Cliath – Páirc na gCeilteach, 5.00in (Beo ar RTÉ)

Dé Domhnaigh, 5 Feabhra

Sraith Peile Allianz Roinn 1
Gaillimh v Muineachán – Staid an Phiarsaigh, 12.45in (Beo ar Sheinnteoir TG4)
Tír Eoghain v Ciarraí – Páirc Uí hÉilí, 12.45in (Beo ar TG4)
Ros Comáin v Maigh Eo – Páirc de hÍde, 2.45in (Beo ar TG4)

Fág freagra ar 'Obair go leor le déanamh ag foirne le Corn Tailteann a sheachaint'