Obair dheisithe ar Sceilg Mhíchíl curtha i gcrích

Thug 5,232 turasóir cuairt ar Sceilg Mhíchíl sa chéad leath den bhliain seo agus súil ag Oifig na nOibreacha Poiblí nach mbeidh mórán athrú ar líon na ndaoine a thabharfaidh cuairt ar an áit in 2016 thairis líon na ndaoine ar thug cuairt uirthi in 2015

Obair dheisithe ar Sceilg Mhíchíl curtha i gcrích

Tá an obair dheisithe a bhí á déanamh ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar Sceilg Mhíchíl anois curtha i gcrích agus an cosán a scriosadh tar éis maidhm charraige níos túisce i mbliana curtha ina cheart arís.

Rinneadh go leor dochair nuair a sciorr carraigeacha os cionn Bhóthar an Tí Solais – an príomhbhealach a bhíonn ag cuairteoirí suas chuig an mhainistir cháiliúil. Thit na carraigeacha síos san fharraige ach bhuail siad an cosán ar a mbealach anuas agus scriosadh an bealach suas chuig an suíomh ársa.

Nuair a chonacthas an drochbhail a bhí ar an mbóthar mí Mhárta na bliana seo, bhí an tuairim ann nach mbeifí in ann an t-oileán a oscailt do chuairteoirí mar gheall ar an gcontúirt mhór a bheadh ann.

Thosaigh Oifig na nOibreacha Poiblí ar an obair dheisithe agus atógála lena chinntiú go mbeifí in ann teacht ar an mainistir. Atógadh dhá bhalla mhóra a scriosadh nuair a thit na carraigeacha agus cuireadh forscáth adhmaid os cionn an chosáin le cuairteoirí a chosaint ó mhaidhmeanna eile. Tá corrchloch fós ag titim ó na haillte.

Níor cuireadh bac ar chuairteoirí teacht chuig an oileán agus an obair seo á déanamh. Thug 5,232 turasóir cuairt ar Sceilg Mhíchíl sa chéad leath den bhliain seo agus súil ag Oifig na nOibreacha Poiblí nach mbeidh mórán athrú ar líon na ndaoine a thabharfaidh cuairt ar an áit in 2016 thairis líon na ndaoine ar thug cuairt uirthi in 2015.

Beidh Sceilg Mhíchíl oscailte go dtí 2 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Obair dheisithe ar Sceilg Mhíchíl curtha i gcrích'