Ó Zoom go dtí seanmhonarcha ar an gCeathrú Rua – mórléiriú Gaeilge Gaillimh 2020 ar stáitse

Labhair Tuairisc.ie le stiúrthóir ‘Óró’ Darach Mac Con Iomaire faoi na dúshláin a bhain le seó a chur ar siúl aimsir an choróinvíris

Ó Zoom go dtí seanmhonarcha ar an gCeathrú Rua – mórléiriú Gaeilge Gaillimh 2020 ar stáitse

Léiritheoir agus stiúrthóir Óró, Darach Mac Con Iomaire, ag caint leis an gcliar

Óró, an t-aon mhórléiriú Gaeilge i gclár “asamhlaithe’ Gaillimh 2020, á léiriú i nGailearaí an Tismeáin, seanmhonarcha ar an Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara an tseachtain seo.

Ceiliúradh ar an Ghaeilge agus féiniúlacht phobail mhionteangacha ar fud na hEorpa atá sa léiriú Óró, a bhfuil ealaíontóirí as Éirinn, Albain, Tír na mBascach agus tíortha eile páirteach ann.

Ceathrar déag atá páirteach sa léiriú, ina measc an t-amhránaí aitheanta Liam Ó Maonlaí, an píobaire Maitiú Ó Casaide, an damhsóir ar an sean-nós Sibeál Davitt agus an t-aisteoir Diarmuid de Faoite. Ar na daoine eile atá páirteach sa léiriú, tá Amaia Elizaran, file as Tír na mBascach agus Josie Duncan, amhránaí as Albain.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt stiúrthóir Óró Darach Mac Con Iomaire gur “obair chasta” a bhí i gceist le mórléiriú dá leithéid a thabhairt chun stáitse le linn na pandéime.

Liam Ó Maonlaí i mbun ceoil

Ar Zoom a rinneadh cuid mhaith den réamhobair léiriúcháin toisc dhá sheachtain de chleachtaí a bheith curtha ar ceal, seachtain i mí Aibreáin agus seachtain eile mí na Bealtaine, de bharr an choróinvíris.

“An rud atá éagsúil faoi Óró gur saothar é a chruthaigh na healaíontóirí féin. Chuige sin, bhí muid coicís ar Zoom, ocht n-uair an chloig sa lá agus an ceathrar déag againn ag iarraidh aithne a chur ar a chéile agus dul i dtaithí ar ealaín a chéile.

“Bhí sé sách dian ach b’fhiú é mar go raibh an réamhobair sin déanta againn nuair a tháinig muid i gcuideachta a chéile ar an gCeathrú Rua ag deireadh mhí Lúnasa,” a dúirt Mac Con Iomaire.

B’éigean tuairim is €22,000 sa bhreis a chaitheamh ar Óró, atá á léiriú i gcomhpháirt le hEalaín na Gaeltachta, mar gheall ar na dúshláin a bhaineann leis an ghéarchéim sa tsláinte phoiblí.

Bhí ar an chliar ar fad tástáil don choróinvíris a dhéanamh sula ndeachaigh siad i mbun cleachtaí agus rinne na healaíontóirí a tháinig as tíortha thar lear coicís féinleithlisithe, rud a chuir “go mór” leis na costais a bhain leis an léiriú.

An damshóir Sibéal Davitt

Cé go rabhadar ag súil go mbeadh cead ag 200 duine a bheith sa lucht féachana gach oíche, 33 duine a bheas ag gach léiriú toisc nach gceadaítear ach 50 duine ar fad, idir chliar agus lucht féachana, sa spás atá acu.

Dúirt Mac Con Iomaire go raibh “tionchar mór” ag fairsinge bhreá na seanmhonarchan ar an léiriú féin.

“Tá muid chomh buíoch go bhfuil muid in ann an léiriú a dhéanamh ar chor ar bith. Is fíorbheagán léirithe beo atá ag tarlú san am i láthair, mar sin tá muid thar a bheith buíoch go raibh muid in ann a bheith ag cleachtadh go sábháilte agus an lucht féachana a choinneáil slán,” a dúirt stiúrthóir Óró, Darach Mac Con Iomaire.

Beidh Óró ar stáitse gach oíche idir seo agus Dé Sathairn, an 26 Meán Fómhair, Lá Eorpach na dTeangacha.

Fág freagra ar 'Ó Zoom go dtí seanmhonarcha ar an gCeathrú Rua – mórléiriú Gaeilge Gaillimh 2020 ar stáitse'