Is iad an Teachta Dála Peadar Tóibín agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh atá ainmnithe mar urlabhraithe Gaeilge Shinn Féin i dTithe an Oireachtais.
D’fhógair Sinn Féin a mbinse tosaigh nua i dTeach Laighean tráthnóna.
Tá Pearse Doherty, as Gaeltacht Dhún na nGall, ainmnithe ina urlabhraí airgeadais ag a pháirtí, an ról céanna a bhí aige sa 31ú Dáil.
Ainmníodh Donnchadh Ó Laoghaire, an Teachta Dála nuathofa as cathair Chorcaí, ina urlabhraí leanaí agus gnóthaí óige.
Is é an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, Gaeilgeoir ó Bhaile Átha Cliath, a bheidh mar phríomh-aoire agus urlabhraí cosanta an pháirtí sa 32ú Dáil.
Tá bean a bhfuil Gaeilge líofa aici ainmnithe mar urlabhraí oideachais ag Sinn Féin, sin í an Teachta Dála Carol Nolan a toghadh in Uíbh Fhailí san olltoghchán.
Tá an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, an Seanadóir eile de chuid an pháirtí a bhfuil Gaeilge líofa aige, ainmnithe mar urlabhraí ar ghnóthaí Thuaidh/Theas.
Fág freagra ar 'Tóibín agus Ó Clochartaigh ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ar bhinse tosaigh nua Shinn Féin'