Ó Thriopaill go Caoin Eochaille – aistear taitneamhach ar TG4

Turas taitneamhach fan Abhainn Mhór na Mumhan in éineacht le Diarmuid Ó Drisceoil atá againn sa tsraith ‘Cois Móire’

Ó Thriopaill go Caoin Eochaille – aistear taitneamhach ar TG4

Sníonn Abhainn Mhór na Mumhan ó thriopaill luachra Shliabh Luachra go cuan Eochaille. Cúrsa tuairim is 170 ciliméadar trí chontaetha Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge. Ba státseirbhíseach, iascaire, scríbhneoir agus Gaeilgeoir é Annraoi Ó Liatháin agus dhein sé bruach na hAbhann a shiúl, ón bhfoinse go dtí a hinbhear, breis agus seasca bliain ó shin.

Agus leabhar Annraoi faoina aistear, Cois Móire, faoina ascaill aige, tugann Diarmuid Ó Drisceoil fé bhruach na habhann a shiúl nó a iomramh ina chanú beag cluthair. Agus lorg Annraoi á leanúint ag Diarmuid sa tsraith ceithre chlár seo tabharfaidh sé éachtaint ar stair is béaloideas na gceantar éagsúil mar aon le dreasanna cainte a dhéanamh le muintir na háite.

Ní nach ionadh ní fhéadfaí trácht ar abhainn gan labhairt faoi chúrsaí iascaireachta agus ní fhéadfaí labhairt faoin cheantar mar seo gan trácht a dhéanamh ar chúrsaí feirmeoireachta. Tugann seatanna aeir radharc dúinn ar an tírdhreach álainn. B’eo leis ar a shuaimhneas agus geábhanna á dtabhairt aige ar Bhaile Deasumhan, Cnoc na Graí, Sráid an Mhuilinn, Caisleán Dhubhargail agus áiteanna eile nach iad.

Ní nach ionadh tosnaítear amach ag foinse na hAbhann i sléibhte oirthuaisceart Chiarraí; gan amhras Foinse is teideal don chéad ghála sa tsraith Cois Móire (TG4, Dé Céadaoin). Bhaineas súp as Diarmuid Ó Drisceoil bocht ag lapadaíl i dtriopaill luachra Shliabh Luachra agus é ag iarraidh teacht ar fhoinse na habhann. Fuair sé an log beag sa deireadh. Dreas deas cainte ón bhfear áitiúil Pádraig Ó Súilleabháin; é ag maíomh gur tírdhreach agus daoine ar leith atá i Sliabh Luachra. Tá cáil ar fhilí an cheantair, Aogán Ó Rathaile agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin, nó Eoghan an Bhéil Bhinn mar a thugtaí air.

Do scrígh file ábalta eile, Donncha Ó Scannail, dán naoi véarsa dhéag agus drochmhianach air mar gur goideadh a mhaide uaidh. Bhí an deisbhéalaíocht chéanna i measc mhuintir na háite dar leis agus thrácht sé ar fhear as an áit a thug freagra deisbhéalach, seanbhlastúil uaidh nuair a cuireadh a thuairisc: ‘Trying to keep the wolf from the door, our souls out of hell and our names out of the paper.’

Tá Johnny McCarthy den tuairim gur imir fuaimeanna agus rithim na habhann tionchar ar cheol sainiúil Shliabh Luachra. Thrácht Tadhg Ó Súilleabháin ar an turas 400 ciliméadar a dhein Dónal Cam Ó Súilleabháin Bhéarra agus a threibh sa seachtú haois déag agus iad ar a dteitheadh. De réir na gcuntas staire is seanchais is 1,000 daoine a thosaigh amach ar an turas sa Ghleann Garbh ach níor éirigh ach le 35 acu sin ceann scríbe a bhaint amach i mBréifne an Chabháin.

Láithreoir mealltach, fuinniúil é Diarmuid Ó Drisceoil agus is é atá deas ar chaint a mhealladh ó na haíonna difriúla, a bhformhór mór ag labhairt as Gaeilge. Ar uairibh is geall é le bheith ag cúléisteacht le comhrá idir compánaigh. Ba dheas a bheith mar leathbhádóir aige agus lorg an Liathánaigh á leanúint againn.

Fág freagra ar 'Ó Thriopaill go Caoin Eochaille – aistear taitneamhach ar TG4'

  • jpmorley0@gmail.com

    Scrígh gaeilgeoir & státseirbhíseach eile, Liam Milner, trócaire air, ‘From the Kingdom to the Sea’ faoin Abha Mhór freisin. Mar aon le ‘The River Lee & its Tributaries’ ar leabhar iontach spéisiúil, corrmhéiniúil í ina ríomhann sé an stair go léir a bhaineann léi ó lagsholas na réamhstaire anonn.