Ó thitim Barca go dtí aiséirí Keith Earls – na scéalta breátha a insíodh dúinn in 2021

Na leabhair spóirt ba cheart a bheith ar an liosta bronntanas Nollag…

Ó thitim Barca go dtí aiséirí Keith Earls – na scéalta breátha a insíodh dúinn in 2021

Tá leabhar foilsithe le tamaillín anois dar teideal Barca- The Rise and Fall of the Club That Built Modern Football, ceann a chuirfinn ar bharr an liosta daoibhse a bhfuil bronntanas Nollag le ceannacht agaibh don té a bhfuil suim aige sa sacar.

Níos minice ná a chéile is ag caitheamh anuas ar an gcluiche áirithe sin ag an leibhéal is airde a bhím, ach ní féidir a shéanadh gur togha an scríbhneora é an t-údar Simon Kuper a bhfuil stair FC Barcelona le 30 bliain leagtha amach aige ar bhealach a fhágann go mba iomaí oíche ar fhan mé á léamh go raibh sé beagnach ina ghealachan lae.

Ní hiontas go bhfuil leabhar Barca ainmnithe ar an ngearrliosta do ghradam William Hill don leabhar spóirt is fearr a scríobhadh ar thalamh Sheáin Bhuí in 2021.

Tá an club ar cheann de na rudaí is gaire do chroí an údair agus de bharr é a bheith ag scríobh fúthu leis na blianta, thug sin deiseanna dó nach bhfaigheadh iriseoirí eile agus iad ag iarraidh dul chuig croílár an chlub a bhfuil forás thar cuimse tagtha air le deich mbliana fichead.

Togha ábhair, scríofa go paiteanta faoi chlub a bhfuil a chultúr agus a chuid polaitíochta féin ag baint leis agus atá anois ag siúl go corrach ar bharr aille.

Tá a ngradam féin bronnta ag an gcomhlacht díolta leabhar Easons ar Fight or Flight, My Life, My Choices beathaisnéis Keith Earls, imreoir rugbaí na Mumhan agus na hÉireann.

Ar pháirc na himeartha agus lasmuigh di, duine ciúin ann féin é Earls a tógadh i Maigh Rois, cliabhán rugbaí Luimnigh. Duine de laochra an chluiche ansiúd é a athair Ger.

Ainneoin a chúthaileachta, tá Keith Earls thar a bheith macánta sa gcaoi a bhfuil scéal a shaoil roinnte aige leis an scáthscríbhneoir, an t-iriseoir Tommy Conlon agus dá réir liomsa agus leatsa.

Tá pian droma ag cur as do Earls ó bhí sé ina ghasúr agus tá an-chur síos déanta aige ar an bhfulaingt atá déanta aige agus ar an gcaoi a raibh sé le n-éirí as murach gur áitigh cóitseálaí na Mumhan Johann van Graan air athsmaoineamh a dhéanamh.

Tugann sé léargas freisin ar a thógáil i gceann de na ceantair is boichte agus is contúirtí sa tír seo.

Más cuthaileach, ciúin atá Keith Earls de réir a mhianaigh is fórsúil, tobann a bhí imreoir rugbaí eile a bhfuil scéal a shaoil ar fáil anois – Willie Anderson. I Crossing the Line insíonn sé scéal a bheatha a thosaigh i Machaire Fíolta i gContae Dhoire.

Ar thuras chun na hAirgintíne chaith Anderson oíche i gcillín tar éis dó an bhratach náisiúnta a bhaint anuas de pholla i lár Buenos Aires agus é ar intinn aige é a thabhairt abhaile mar shuaitheantas. Junta míleata a bhí i gceannas na tíre ag an am agus bhí an t-ádh air nár gearradh téarma fada príosúnachta air.

Níos deireanaí agus é ina chaptaen ar Éirinn in aghaidh na Nua-Shéalainne thosaigh sé féin agus a chuid fearaibh ag déanamh ar a gcéilí comhraic agus iadsan i mbun an Haka. Bhíodar ionann is a bheith i mullach a chéile nuair a chríochnaigh sin – beartas nár thaitnigh an-mhór leis na húdaráis.

Is cinnte gur chuala sibhse a thug cuairt ar Staid Semple uair ar bith idir 1980 agus 2020 glór fir a bhfuil Liam Ó Donnchú air – ba é Liam a thugadh amach an t-eolas ar an gcóras fógartha poiblí.

Tá deis anois agaibh eolas a chur ar a chuid scríbhneoireachta mar go bhfuil stair Chumann Lúthchleas Gael sa mbaile inar bunaíodh é agus an fhorbairt a deineadh ar Pháirc Spóirt Dhurlais gur fágadh crot an lae inniu air scríofa ag Liam, Semple Stadium – Field of Legends.

Murar chuala tú riamh trácht ar an dá chluiche ceannais iomána i gCúige Mumhan ar baisteadh ‘The Bicycle Finals’ orthu nó an scéal faoi na ceapairí a deineadh agus nár itheadh i 1947, tapaigh do dheis agus ceannaigh an leabhar seo.

Is iomaí sin All Star a leag cos ar Pháirc Semple ó cuireadh tús leis an scéim sin 50 bliain ó shin agus tá leabhar comórtha All-Star Gazing: 50 Years of the GAA All-Stars curtha i dtoll a chéile ag Moira agus Eileen Dunne – beirt iníonacha leis an iriseoir nach maireann Mick Dunne. Ba eisean mar aon lena chomhghleacaithe Paddy Downey, John D. Hickey agus Pádraig Puirséal a bhunaitheoirí.

Le beathaisnéisí nó le stair a bhaineann mórchuid de na leabhair spóirt a scríobhtar ach tá leagan amach nua curtha ar fáil ag Seán O’Sullivan i The Players Advice – Tips and Tactics from GAA Stars.

Ansiúd tá comhairle le fáil ó bhreis agus 100 de scothpheileadóirí agus iománaithe na tíre maidir le beatha agus cothú, saol sláintiúil, meon aigne, forbairt scileanna agus go leor eile. Leabhar é seo a bheadh feiliúnach d’óg agus aosta.

Is amhlaidh scéal faoi A Season of Sundays 2021, eagrán eile den leabhar a fhoilsíonn Sportsfile agus ina mbíonn léiriú le pictiúir déanta de shéasúr CLG.

Sa leabhar Unbroken tugann iarpheileadóir Chiarraí Aidan O’Mahony léargas ar an smacht agus ar an stró atá riachtanach le go mbainfidh duine an leibhéal is airde amach mar imreoir – ualach breise le n-iompar aige féin ós rud é go raibh asma nó plúchadh ag dul dó ó bhí sé ina pháiste.

Teideal sároiriúnach is ea Devotion ar an tríú beathaisnéis atá tagtha ó Mickey Harte, an ceann seo foilsithe agus deireadh lena thréimhse bainistíochta ar fhoireann Thír Eoghain.

Peileadóir óg de chuid Átha Cliath is ea Shane Carthy a thuill áit ar an bpainéal sinsir in 2013 agus gan é ach 18 bliain d’aois. Fiú ag an am sin bhí sé buailte ag an dúlagar agus sa leabhar Dark Blue tugann sé cuntas lom, fírinneach ar an gcaoi a raibh agus a mbíonn sé ag streachailt leis an saol.

An tráth seo bliana bíonn fáil freisin ar bhliainirisí CLG na gcontaetha éagsúla – i nGaillimh seo an 20ú heagrán curtha le chéile ag Séamus Finnerty as Eanach Cuain – éacht nach beag. Tá mé cinnte go bhfuil a gcinn féin ag na contaetha Gaeltachta eile cé nach dtugann cuardach ar a gcuid suíomhanna idirlín sin le fios.

Rud a bhfuil mé cinnte dó is ea go bhfuil an t-eagrán is deireanaí den Irish Racing Yearbook ar fáil, an 10ú ceann a bhfuil eagarthóireacht déanta ag fear Rinn Ó gCuanach Daragh Ó Conchúir air.

Fág freagra ar 'Ó thitim Barca go dtí aiséirí Keith Earls – na scéalta breátha a insíodh dúinn in 2021'