Ó Sceilg Mhichíl go La La Land – meascán mearaí 2017

Pluda, rince agus Sceilg Mhichíl sa Táin.  Scannáin mhór-eachtraíochta agus seanfhondúirí fillte. Tháinig meascán mearaí de shaothair os ár gcomhair ar an scáileán mór in 2017 

Ó Sceilg Mhichíl go La La Land – meascán mearaí 2017

Star Wars

An fathach mór a raibh gach duine ag feitheamh air ó seoladh an chéad ghála den chnuasach nua in 2015. Scannán eachtraíochta maith, gan a bheith iontach, atá anseo,; táirge nach bhfuil inchurtha ó thaobh na gcarachtar leis an gcnuasach bunaidh as ar eascair sé. Slogfaidh na handúiligh é, áfach agus is fiú go mór féachaint air ar mhaithe leis na seatanna draíochtúla de Sceilg Mhichíl.

 

La La Land

Scannán maoithneach, cumhachtach, ceolmhar é seo ina ndéantar caidreamh an dá cheann feadhna a chíoradh le himeacht na séasúr. Iad ag imeacht ó idéalachas na laethanta tosaigh go dtí na laethanta gur thosaigh an uaillmhian agus an phraiticiúlacht ag brú ar an ngaol. Ní fhágtar an greann in áit na leathphingine agus tá caint dheisbhéalach againn i gcaitheamh an scannáin.

 

Mudbound

‘Bhínn ag taibhreamh i ndonn,’ a deirtear linn ag tosach an tsaothair thathagaigh seo linn. Príomhcharachtar le Carey Mulligan á bá agus ag suncáil, go meafarach agus i ndáiríre, i bpluda, ainnise agus fliuchán ghoirt thorthúla Mississippi. Í pósta le fear nach bhfuil sí i ngrá leis agus sáinnithe ag slí bheatha agus áit a bhfuil an ghráin aici orthu. Saothar machnamhach, cumhachtach.

 

Dunkirk

Scannán mór-eachtraíochta an tsamhraidh, ach saothar a bhfuil téagar ann mar sin féin. Is léir an cúram a dheineann Christopher Nolan do gach seat, teann agus leathan: súile Hardy, cuntanós na saighdiúirí atá sáinnithe i mbolg an bháid, na saighdiúirí ag féachaint suas go heaglach ar theacht na n-eitleán agus an seat draíochtúil d’eitleán Hardy ag eitilt os cionn Dunkirk. 

 

Blade Runner 2049

Tá cúig bliana déag ar fhichid gafa tharainn ó bhí Harrison Ford i mbróga Deckard agus tá 30 bliain gafa tharainn ar scáileán.  Sa saothar machnamhach, cumasach, lán aicsin seo léirítear ómós don chéad ghála, cinntítear leanúnachas ach déanann sé a iomaire féin a threabhadh. 

 

Moonlight

Saothar tathagach, mothúchánach ar leith a thugann éachtaint ar fhear aerach den chine dubh óna óige go dtí go bhfuil sé imithe sna fir. É ag éirí anois i gceantar tiufáilte faoi mhíbhuntáiste in Miami agus é ag streachailt le cruatan an tsaoil: bulaíocht, a fhéiniúlacht ghnéis, máthair atá gafa le drugaí, coiriúlacht srl. Chroch sé leis trí dhuais Oscar, ceann don scannán is fearr san áireamh. 

 

Fences

Saothar é seo nach ndéanann aon iarracht srathair an stáitse a chur de ach is scannán cumhachtach, corraitheach, cumasach é dá bharr nó dá ainneoin. Tragóidí agus éagóir a tharla san am a caitheadh ag teacht go barr uisce mar aon le mídhílseacht, ciníochas agus an gaol achrannach idir athair agus mac. Taispeántais théagartha ó Denzel Washington agus Viola Davis, a chroch léi duais Oscar. 

Loving

Déantar cíoradh anseo ar an bhfothragadh a bhain le caidreamh Richard agus Mildred Loving in Virginia na gcaogaidí. Ghin an t-achrann agus an éagóir a lean a bpósadh ceannlínte ar fud na tíre mar aon le cás cúirte a chuaigh chomh fada le Cúirt Uachtarach Mheiriceá. Éiríonn le Ruth Negga as Luimneach cruas agus diongbháilteacht a carachtair a chur in iúl le sracfhéachaint anseo agus focal séimh ansiúd. 

Manchester by the Sea

Taispeántas na bliana tugtha ag Casey Affleck uaidh sa saothar brónach, greannmhar, daonna seo. Ní haon ionadh gur air a bronnadh an duais Oscar. Bíonn ar charachtar Affleck filleadh ar an bhfód dúchais nuair a chailltear a dheartháir agus go bhfágtar a nia faoina chúram. Scannán a bhogann ar aghaidh go malltriallach agus is diaidh ar ndiaidh a nochtar tragóid stairiúil agus go ndéantar sin a bhá i bhfarraigí an bhróin. 

Fág freagra ar 'Ó Sceilg Mhichíl go La La Land – meascán mearaí 2017'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Shílfeá nach ann do scannáin ach scannáin i mBéarla. Taispeánadh roinnt scannáin maithe ar scáileáin ón Spáinn, ón mBeilg, ón bhFrainc, ón Iaráin, ón Rúis chomh maith!