Tá an t-iar-aire stáit Aodhán Ó Ríordáin ceaptha ina urlabhraí ar ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre.
Beidh Ó Ríordáin, a chaill a shuíochán Dála san olltoghchán ach atá anois ina Sheanadóir, ag plé chomh maith le cúrsaí timpeallachta ar bhinse tosaigh a pháirtí.
D’fhógair ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin a bhinse tosaigh tráthnóna.
Níl cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta luaite le haon duine den seachtar Teachtaí Dála atá ag an bpáirtí. Is í iarcheannaire an pháirtí Joan Burton a bheidh ag plé le réimse na n-ealaíon agus í mar urlabhraí oideachais agus airgeadais ag an bpáirtí chomh maith. Tá an Teachta Dála, Alan Kelly, a thug dúshlán Howlin maidir le ceannaireacht an pháirtí, ainmnithe ina urlabhraí sláinte agus ina urlabhraí fostaíochta.
Fág freagra ar 'Ó Ríordáin ceaptha ina urlabhraí Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre'