Ó Muilleoir agus Aiken in adharca a chéile faoi cheist an achta Ghaeilge

Deir ceannaire nuacheaptha an UUP Steve Aiken gur chomhrá le teachta tionóil de chuid Shinn Féin a chuir ar a shúile dó gur ‘teaictic’ a bhí san éileamh ar acht Gaeilge ach deir fear Shinn Féin go bhfuil Aiken ag caint ‘tríd a hata’

Ó Muilleoir agus Aiken in adharca a chéile faoi cheist an achta Ghaeilge

Tá aighneas idir ceannaire nuacheaptha an UUP agus an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir faoi dhearcadh an pháirtí aontachtaigh i leith cheist an achta Ghaeilge.

Mhaígh ceannaire nua an UUP Steve Aiken gur chomhrá leis an teachta tionóil de chuid Shinn Féin thart ar dhá bhliain go leith ó shin a chuir ar a shúile dó gur “teaictic” a bhí san éileamh ar acht Gaeilge.

Mhaígh Aiken gur fhiafraigh sé de Mháirtín Ó Muilleoir “cén fáth a mbíonn sibh seasta ag éileamh go gcaithfidh sibh coimisinéir teanga a bheith agaibh?”.

Dúirt fear an UUP gurbh é an freagra a thug Ó Muileoir air: “Steve, féach, seo mar atá sé: glac leis an acht agus ansin pléifimid cad a bheidh ann.”

Dúirt an chéad cheannaire eile ar an UUP gur thuig sé ag an nóiméad sin nach “faoi theanga in aon chor a bhí an t-éileamh seo; seo teaictic atá á húsáid ag Sinn Féin chun arm a dhéanamh de chultúr.”

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Máirtín Ó Muilleoir, cainteoir líofa Gaeilge, nach raibh bun ná barr le maíomh Aiken.

“Tá sé ag caint tríd a hata. 

Bhí sé ag na cainteanna le dhá bhliain anuas Inar mhínigh Conradh na Gaeilge agus Sinn Féin dó ról an choimisinéara. 

“Tá rogha le déanamh ag Steve cóir: bogadh isteach san 21ú haois le sochaí bunaithe ar chearta nó seasamh leis an leatrom agus leis an éagóir,” arsa Ó Muilleoir. 

Dúirt Steve Aiken, ceannaire nua-cheaptha an UUP, an tseachtain seo nach mbeadh aon athrú ar pholasaí an pháirtí maidir le hAcht Gaeilge faoina cheannaireacht féin.

Dúirt sé nach nglacfaí le hAcht Gaeilge ach go dtacódh sé le ceart feisirí vótáil de réir a gcoinsiasa ar cheisteanna morálta agus sóisialta.

Nuair a fiafraíodh de an nglacfadh an UUP le hAcht Gaeilge dá mbeidís sásta lena mbeadh ann, dúirt Steve Aiken:

“Ní ghlacfadh. Sílim go bhfuil bac á dhéanamh di [an Ghaeilge]; ní muidne a chuir na bacainní sa gcosán. Níl aon tacaíocht in aon bhall i measc na nAontachtach in Ulaidh d’acht Gaeilge agus ní fheicim ná ní fhaca mé aon rud agus níor chuala mé aon rud a d’athródh m’intinn faoi sin.”

Dúirt Aiken nach bhfuil a pháirtí “i gcoinne na Gaeilge ar aon bhealach”, agus gur thacaigh siad le Foras Teanga don Ghaeilge agus don Ultais a bhunú mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus le maoiniú eile a chur ar fáil don Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Ó Muilleoir agus Aiken in adharca a chéile faoi cheist an achta Ghaeilge'

  • Concubhar

    Ní dócha gur labhair Steve Cóir I nGaeilge riamh. Mar sin, nuair is cuimhin liom ráiteas toghcháin Uachtarántachta ó Liadh Ní Riada, ráiteas dhá theangach, a bheith foilsithe i mBéarla ar an suíomh seo, cén fath ar aistríodh chaint Steve Aiken?

  • Daor Mac an tSaoir

    Níl Béarla agam, a Chonchubhair, agus mar sin nílim in ann ráitis aonteangacha Béarla a thuiscint mura gcuirtear ar fáil i nGaeilge iad.
    Ráiteas dátheangach — d’fhéadfainn é sin a thuiscint.