Ó Muileann a’ Chaca go Mullinahack – seanchas ait agus iontach sráideanna Bhaile Átha Cliath

Tá seanchas saibhir sráidainmneacha na príomhchathrach ar fáil i leabhar nua le Séamus Ó Dúnlaing

Abbey

Tá Amharclann na Mainistreach go mór i mbéal na bhfeimineach agus na nGael i láthair na huaire mar gheall ar easpaí chlár na hamharclainne don bhliain seo chugainn – ach síneann stair na hamharclainne níos faide siar ná 1916 agus stair na mainistreach níos faide siar fós.

Cén mhainistir a thug a hainm do ‘Sráid na Mainistreach’ agus cá bhfuil an mhainistir sin anois? Bhunaigh Maoileachlainn, Ard-Rí na hÉireann, mainistir Mhuire sa bhliain 846 do na Beinidictigh. Aistríodh go seilbh na gCistéirseach í sa bhliain 1147 agus dódh go talamh sa bhliain 1303 í.

Rinneadh athchóiriú ar an mainistir ina dhiaidh sin agus ba í an mhainistir ba shaibhre agus ba mhó in Éirinn í go dtí 1539 nuair a scoir Anraí VII Shasana an mhainistir – mar a rinne leis na mainistreacha ar fad – agus rinne armlann di.

Úsáideadh clocha Mhainistir Mhuire nuair a bhí Droichead Mhic Reachtain á thógáil agus d’imigh an mhainistir ó chuimhne na ndaoine go dtí na 1880idí nuair a d’aimsigh seandálaí amaitéarach í.

Tá seanchas ainm Shráid na Mainistreach agus seanchas os cionn 400 sráid eile i mBaile Átha Cliath le fáil i leabhar nua ó pheann Shéamuis Ó Dúnlaing, a sheolfar in Áras na Scríbhneoirí an tseachtain seo chugainn.

Duibhlinneach is ea Ó Dúnlaing, atá 82 bliain d’aois, a chuir spéis i sráidainmneacha Béarla na hardchathrach agus é ag dul timpeall a bhaile dúchais ar feadh a shaoil.

“Bhí mé ar scoil i lár na cathrach, i gColáiste Mhuire, agus d’fheicinn na sráidainmneacha seo agus mé ag siúl timpeall nó ar an rothar nó ar an mbus agus ba mhinic a bhínn ag smaoineamh orthu agus ar a mbunús.

‘Belvedere, Foster…ní raibh a fhios agam cérbh iad na daoine a thug a n-ainm do na sráideanna. Rinne mé mo chuid taighde agus thosaigh mé ar an leabhar seo sa bhliain 2012. Níor dhírigh mé ar na leaganacha Gaeilge a cuireadh ar na sráideanna ach na hainmneacha Béarla,’ a mhínigh Ó Dúnlaing do Tuairisc.ie.

Dúirt sé gurb é ‘Mullinahack’, ceantar meánaoiseach i mBaile Átha Cliath 2, an t-aon ainm Gaeilge atá sa chathair ó thús ama go bhfios dó. Is de bharr an stádais sin a luaitear i Streetwise é, mar d’imigh sé ón gcaint i lár an chéid seo caite.

Scríobhann Ó Dúnlaing sa leabhar féin:

‘Mullinahack was an area lying roughly between St Augustine Street and John Street containing a number of mills operating since twelfth century on the Glib river. Some of these mills belonged to the hospital of St John of Jerusalem and some were in the possession of Christchurch.

‘Much of the waste from the mills, together with human waste from inside the city walls, was dumped by the cartload into the river – hence the name which was an attempt at Muileann a’ Chaca, meaning ‘Mill of the Ordure’.’

Thug idir laochra Gael agus Gall a n-ainm do shráideanna na hardchathrach agus níl oiread is sráid amháin ina measc nach bhfuil scéal spéisiúil taobh thiar de. Níl aon iarracht déanta ag Ó Dúnlaing a chlaonadh féin a cheilt agus bunús na sráidainmneacha á mhíniú aige. Go deimhin, tá impithe aige sa réamhrá ar fhir agus ar mhná na hÉireann ‘an rud ceart a dhéanamh’ agus fáil réidh leis an ‘disgraceful and insulting legacy we have inherited in the street names of our capital city, just as every other ex-colony in the civilised world has done on winning its freedom.’

Seolfar an leabhar in Áras na Scríbhneoirí ar Shráid Pharnell i mBaile Átha Cliath Déardaoin, an 26 Samhain, ag 6.00pm.

Fág freagra ar 'Ó Muileann a’ Chaca go Mullinahack – seanchas ait agus iontach sráideanna Bhaile Átha Cliath'

  • Seanán Ó Coistín

    Cá bhfuil Muileann a’ Chaca sa lá atá inniu ann? Tá an ceart ar fad aige ó thaobh na n-ainmneacha Gallda atá fós le feiceáil ar fud na hÉireann. Ba chóir dúinn ainmneacha i nGaeilge a thabhairt ar na cinn Bhéarla a chuir na Sasanaigh orthu.

    • Maitiú Ó Coimín

      A Sheanáin,
      Tá Muileann a’Chaca thart timpeall an cheantair a bhfuil an Brazen Head, Ard-Eaglais Chríost, Sráid Oilibhéir de Bond agus Geata an Iarla cois life ar an taobh theas den chathair.