Ó Lucsamburg go Tóiceo – scoth na bpictiúr ó bhliain chorraitheach spóirt

Cé go raibh rian an Covid-19 fós le brath ar chúrsaí spóirt in Éirinn in 2021, bhí neart ábhar ceiliúrtha agus conspóide ann. Pictiúir: INPHO

Bhí cúrsaí Covid-19 fós ag luí go trom ar intinn daoine ag tús na bliana. Príomhchóitseálaí Chúige Laighean, Leo Cullen le feiceáil anseo roimh chluiche na Laighneach in aghaidh Chonnacht ar an 2 Eanáir. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Bhuaigh an Bhreatain Bheag ar Éirinn sa chéad bhabhta de Craobh na Sé Náisiún i mbliana agus mar bharr ar an donas d’fhoireann Andy Farrell, botún ag deireadh na himeartha ó Billy Burns. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

D’fheabhsaigh cúrsaí roimh dheireadh na craoibhe agus bhuaigh Éire ar Shasana sa chluiche deireanach den chomórtas. Ba é sin an cluiche deireanach ag CJ Stander i ngeansaí na hÉireann.. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Bhí bliain iontach ag Rachael Blackmore. Ag Féile Cheltenham mí an Mhárta, ba í an chéad bhean riamh a bhuaigh an Champion Hurdle agus an chéad bhean freisin a bhuaigh an duais don mharcach is rathúla./is mó rath. Ansin mí Aibreáin, ba í an chéad bhean a bhuaigh an Grand National in Aintree. Pictiúr: INPHO/Dan Abraham

Ag dul in olcas a bhí cúrsaí d’fhoireann sacair na hÉireann. Bhuaigh Lucsamburg ar Éirinn i mBaile Átha Cliath mí an Mhárta. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Léirigh rámhaithe na hÉireann a gcumas luath sa bhliain agus boinn buaite acu ag Craobhacha na hEorpa. Tá mná Chonamara, Aifric Keogh (ar chlé) agus Fiona Murtagh (an dara duine ar dheis) ag ceiliúradh a mbonn airgid anseo le hEimear Lambe agus Emily Hegarty. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb

Bhí Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan dochloíte arís agus an chéad áit tugtha leo sa bhád éadrom beirte. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb

Rinne Emma Slevin gaisce stairiúil nuair a bhain sí amach an babhta ceannais sna huilemhíreanna aonair ag Craobhacha Gleacaíochta na hEorpa mí an Mhárta. Pictiúr: INPHO/Claudio Thoma

Bhí Katie Taylor rómhaith do Natasha Jonas nuair a chas an bheirt ar a chéile ag tús mhí na Bealtaine agus greim coinnithe ag bean Bhré ar na cúig chraobh atá buaite aici san éadrom-mheáchan. Pictiúr: INPHO/Matchroom Boxing/Dave Thompson

Cuireadh tús leis na cluichí idirchontae arís i lár mhí na Bealtaine. Na hiománaithe a bhí amuigh ar dtús. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

D’fhill na peileadóirí an tseachtain ina dhiaidh sin agus rinne David Clifford agus Ciarraí scrios ar Ghaillimh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhuaigh bean Luimnigh, Carolyn Hayes, bonn airgid ag Corn Trí-atlain an Domhain sa Liospóin an mhí céanna

Bhuaigh foireann sacair na hÉireann a gcéad chluiche faoi cheannas Stephen Kenny ag tús an tsamhraidh. D’aimsigh Troy Parrott dhá chúl sa bhua 4-1 ar Andóra. Pictiúr: INPHO/Sergio Ruiz

D’fhág duine de laochra Dundalk, Chris Shields, slán le lucht tacaíochta an chumainn tar éis dó a chluiche deireanach a imirt don fhoireann. Pictiúr: INPHO/Ciaran Culligan

Cuireadh tús le Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo ag deireadh mhí Lúnasa. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty a bhuaigh na chéad bhoinn d’Éirinn agus iad sa tríú háit sa chomórtas d’fhoirne ceathrair. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Dhíbir Port Láirge foireann na Gaillimhe ó Chraobh Shinsir Iomána 2021. Ba é an cluiche i Staid Semple an ceann deireanach ag Joe Canning i ngeansaí na Gaillimhe. D’fhógair sé go raibh cinneadh déanta aige éirí as. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Níor éirigh le Shane Lowry ná Rory McIlroy bonn a bhuachan sa chomórtas gailf ag na Cluichí Oilimpeacha. Bhí McIlroy ar dhuine de scata imreoirí a d’imir poill bhreise don bhonn cré-umha. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Ní raibh aon bhonn ag bean an Chabháin, Leona Maguire, ag teacht abhaile di ach an oiread ach bhain sí cáil idirnáisiúnta amach ag deireadh an tsamhraidh lena gaiscí i gCorn Solheim mar nár chaill sí cluiche ar bith de na cúig cinn a d’imir sí. Pictiúr: INPHO/Photosport/John Cowpland

Bhí brú ollmhór ar Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan bonn óir a bhuachan sa tSeapáin agus iad mar rogha láidir na coitiantachta agus rinne na Corcaígh an beart nuair a bhuaigh siad an deichiú bonn óir riamh atá buaite ag Éirinn ag na Cluichí. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhuaigh an dornálaí Aidan Walsh bonn cré-umha d’Éirinn ach ní raibh sé in ann troid sna babhtaí leathcheannais agus gortú ag cur as dó. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhuaigh Éire an t-aonú bonn óir déag an tseachtain ina dhiaidh sin nuair a fuair Kellie Harrington an ceann is fearr ar Beatriz Iasmin Soares Ferreira ón mBrasaíl. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí Éire faoi gheasa ag Harrington agus tháinig na sluaite amach chun fáilte abhaile a chur roimpi nuair a d’fhill sí ón tSeapáin. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tháinig deireadh le blianta ceannais Átha Cliath i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann nuair a bhuail Maigh Eo iad sna babhtaí leathcheannais, an chéad uair ar chaill Áth Cliath cluiche sa chraobh ó 2014. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí conspóid ag baint leis an gcluiche leathcheannais eile. Cuireadh an cluiche idir Tír Eoghain agus Ciarraí siar de bharr cásanna Covid-19 ar phainéal Thír Eoghain agus nuair a imríodh an cluiche faoi dheireadh, bhí an lá leis na hUltaigh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhí muintir Uíbh Fhailí ag ceiliúradh freisin mí Lúnasa tar éis don fhoireann faoi 20 Craobh Peile na hÉireann a bhuachan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ar ais i dTóiceo, bhuaigh Ellen Keane bonn óir sa snámh brollaigh 100m sna Cluichí Parailimpeacha. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bhí tuilleadh ceiliúrtha ann do shnámhaithe na hÉireann nuair a tháinig Nicole Turner sa dara háit sa snámh féileacáin 50m sa rannóg S6. Pictiúr: INPHO/Delly Carr

Rinne Katie George Dunlevy agus Eve McCrystal éacht i ndiaidh éachta agus dhá bhonn óir agus bonn cré-umha buaite acu ar an rothar sa tSeapáin. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Bhuaigh Jason Smyth a cheathrú bonn óir as a chéile ag na Cluichí Parailimpeacha nuair a bhuaigh sé an rás 100m sa rannóg T13. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Ba é an lámhrothaí Gary O’Reilly a thug leis an bonn deireanach ag foireann na hÉireann as Tóiceo nuair a chríochnaigh sé sa tríú háit sa Triail Ama. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Bhí Luimneach ina máistrí arís ar an gCraobh Shinsir Iomána i mbliana agus greadadh tugtha acu do Chorcaigh sa chluiche ceannais. Bhuaigh dhá dhuine dhéag ón bhfoireann gradam All-Star ag deireadh na bliana. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Briseadh croí a bhí I ndán d’fhoireann sacair na hÉireann mí Mheán Fómhair nuair a d’fhág dhá chúl ó Cristiano Ronaldo deireanach sa chluiche dealbh na hÉireannaigh tar éis dóibh fíorthaispeántas a thabhairt. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tháinig An Mhí aniar aduaidh ar Áth Cliath i gcluiche ceannais Pheil na mBan i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Chaill Maigh Eo cluiche ceannais eile an tseachtain dár gcionn nuair a bhuaigh Tír Eoghain orthu chun Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhí mná na Gaillimhe ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh lá arna mhárach tar éis dóibh Corcaigh a chloí chun Craobh Camógaíochta na hÉireann a bhuachan den dara huair le trí bliana anuas. Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Fuair foireann rugbaí na hÉireann an ceann is fearr ar an Nua-Shéalainn mí na Samhna. D’aimsigh James Lowe, a rugadh sa Nua-Shéalainn, ceann de na húid d’Éirinn. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Bhí bliain an-deacair ag foireann rugbaí ban na hÉireann ach chuir siad críoch mhaith léi le bua ar an tSeapáin, an cluiche deireanach ag an gcaptaen Ciara Griffin i ngeansaí na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Bhí bua 11-0 ag Éirinn in aghaidh na Seoirsia mí na Samhna. Is í an captaen Katie McCabe an t-imreoir is fearr ar fhoireann Vera Pauw i láthair na huaire agus d’aimsigh sí dhá chúl sa chluiche. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Imríodh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Camógaíochta na gClubanna 2020 coicís roimh thús 2022. Fuair An tAbhallort/An Bealach as Loch Garman an ceann is fearr ar na Sáirséalaigh as Gaillimh. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Fág freagra ar 'Ó Lucsamburg go Tóiceo – scoth na bpictiúr ó bhliain chorraitheach spóirt'