Ó lá Fhéil’ Bríde amach, bíonn na héin ag déanamh neadracha is an uair ag dul i dteas

Lá atá ina ábhar mór dóchais againn atá sa lá inniu, tús an earraigh

Ó lá Fhéil’ Bríde amach, bíonn na héin ag déanamh neadracha is an uair ag dul i dteas

Inniu Lá Fhéil’ Bríde, lá atá ina ábhar mór dóchais againn. D’fhéadfadh sé go bhfuil an chuid is measa den víreas gránna sin imithe agus go mbeidh saol níos sláintiúla againn feasta.

Seo é tús an earraigh freisin. Dá mba é Raiftearaí an file é chuireadh an tráth seo bliana meidhir air. ‘Anois teacht an earraigh beidh an lá dul chun síneadh

Is tar éis na Féil Bríde ardóidh mé mo sheol,’ a dúirt sé.

Ná déanadh muid dearmad go raibh galar uafásach ag spré tríd an tír le linn Raiftearaí freisin. Ba é sin an calar. Scríobh sé amhrán faoi, ‘An Cholera Morbus’:

A Íosa Críost is a rí na ngrásta,

A chruthaigh talamh, neamh is parrthas.

A dhoirt do chuid fola i gcrann na páise,

Sábháil sinn ar an gColera Morbus.

Beidh muid ag súil le aimsir réasúnta maith go gairid anois. Arsa Bríd: ‘Gach re lá breá ó mo lá-sa amach.’

Arsa Pádraig: ‘Gach lá breá ó mo lá-sa is leath an lae leis’ (i. Lá ‘le Pádraig).

Ó lá Fhéil’ Bríde amach, bíonn na héin ag déanamh neadracha is an uair ag dul i dteas, a deirtí. Deirtí freisin nach maireann an sneachta ar ghéag ó Lá Fhéil’ Bríde ar aghaidh.

Ar an taobh eile den scéal, cheaptaí an sneachta nach dtiocfadh sa ngeimhreadh go dtiocfadh sé go ramhar faoi Fhéil’ Bríde.

Ar fhaitíos na bhfaitíos níor mhór don fheirmeoir a bheith réidh. Leath fataí agus leath fothair ba chóir dó a bheith aige Lá Fhéil’ Bríde – leath d’fharae an gheimhridh.

Bliain ó inniu beidh Lá Fhéil’ Bríde ina shaoire bainc againn.

Nuair a d’fhógair an Tánaiste, Leo Varadkar, é dúirt sé gur lá a bheadh ann le cuimhneachán a dhéanamh ar na daoine ar chuir Covid-19 chun báis iad agus le buíochas a ghlacadh leis an lucht leighis a bhí i dtús an chatha in aghaidh an víris.

Naoi lá saoirse bainc a bhíonn againn in Éirinn faoi láthair. Gann go maith atá muid leo i gcomórtas le tíortha eile ar fud na hEorpa. Tá tíortha taobh amuigh den Eoraip a mbíonn cuid mhór laethanta saoire bainc acu.

Tá baint ag an mBúdachas leis an scéal a bheith amhlaidh i gcuid de na tíortha sin.

Nuair a tosaíodh ag caint ar lá saoire bainc a bheith againne Lá Fhéil’ Bríde dúirt polaiteoir eicínt gur cheart imeachtaí an lae a bhunú ar an gcomóradh a dhéantar i Meiriceá Lá an Altaithe. Ag cuimhneamh a bhíonn na Meiriceánaigh ar an gcaoi ar chuidigh na bundúchasaigh leis na chéad áitritheoirí bána i Meiriceá.

Bí cinnte gurb iad na háitritheoirí bána a bhíonn siad a chomóradh agus nach iad na bundúchasaigh bhochta ar cuireadh drochbhail orthu beagán blianta tar éis dóibh an chabhair a thabhairt.

Lá saoire bainc a bhíonn in Éirinn Lá Fhéil’ Pádraig. Sa mbliain 1903 a rinneadh dlí de. Lucht na Gaeilge a bhí á éileamh.

I gCill Chainnigh a tosaíodh an feachtas ar a shon. Bhí sé ina údar gaisce ag na Gaeil mhórmheasúla ag an am gur éiríodh as an ólachán agus nach raibh aon duine ar meisce ar feadh an lae mar a bhíodh go minic roimhe sin.

Bheadh deireadh leis an bpota Pádraig feasta, ceapadh.

Fág freagra ar 'Ó lá Fhéil’ Bríde amach, bíonn na héin ag déanamh neadracha is an uair ag dul i dteas'