Kieran Donaghy – ‘townie’ tíriúil tiarnúil agus fathach peile

Ceithre bliana déag a bhí Kieran Donaghy nuair a casadh ar ár gcolúnaí é den chéad uair, amuigh ar Pháirc an Chrócaigh i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann…

Kieran Donaghy – ‘townie’ tíriúil tiarnúil agus fathach peile

Kieran Donaghy ag ceiliúradh a chúil i gcluiche ceannais na hÉireann 2014. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tuairim is fiche nóimeataí tar éis chluiche ceannais na hÉireann i 1997 a leagas súil ar Kieran Donaghy don gcéad uair. Ní raibh aon aithne agam ar an ngarsún óg ceithre bliana déag ag an am ach do bhain sé féin agus triúr eile amach mé amuigh ar pháirc na himeartha.

An uair úd, gan dabht, bhí sé de chead agus de phribhléid ag lucht leanúna na gcluichí bheith siúlach ar Pháirc a’ Chrócaigh tar éis na gcluichí móra ar fad. Bhí sé de chuma ar an scéal, go deimhin, go raibh Donaghy agus a pháirtithe ina measc siúd a raibh sé de thiarnúlacht iontu na clathacha a léimeadh i bhfad roimh shéideadh na feadóige. An uair sin féin, fiú, d’aithneofaí ar a gcuid geáitsí agus ar a ngothaí go mbaineadar le baile mór Thrá Lí.

Aithníonn lucht na tuaithe i gCiarraí agus in aon chontae, ní foláir, na townies sara n-osclaíonn siad a mbéal chuige.

Ní raibh an ceathrar i bhfad im’ chomhluadar nuair a tuigeadh fios fátha a dtathant i gceart orm. Seachas geansaí, nó balcais éigin ón gcluiche ceannais a lorg orm, ’séard a bhí uathu i ndáiríre ná cead a gcos a bheith acu sa tseomra feistis le go bhféadfaidís bualadh lena laoch, Maurice Fitzgerald.

Thugas liom sall i dtreo na seomraí feistis iad agus nuair a dhein an garda a bhí ar diúité ag an ndoras iarracht iad a stop, d’éalaíodar isteach i ngan fhios dó nuair a cuireadh caint air.

Cúig bliana ina dhiaidh sin, a thána trasna arís ar an bhfear mór.

An uair seo, bhí sé i ngeansaí a chumainn, Aibhistín de Staic, agus iad ag imirt in aghaidh na Gaeltachta i gcluiche craoibhe i nGallaras.

Bhí nimh san aer.

Bhí an Ghaeltacht tar éis buachtaint go neafaiseach an bhliain roimis sin ar fhoireann Thrá Lí i gcluiche ceannais an chontae agus ainneoin plúr na n-imreoirí a bheith laistiar de Dhaingean an uair úd, bhí lucht na mbailte móra  ag síorchnáimhseán ar Pháidí Ó Sé agus á chur ina leith go raibh sé claonta i dtreo a mhuintire féin.

Sa chluiche áirithe seo, bhí Darragh Ó Sé, captaen Chiarraí ag an am, díbeartha go héagórach den bpáirc sa chéad leath, na Rockies, an lucht leanúna is gliotharánaí agus is glóraí sa tsaol caide i gCiarraí dulta bán le fiabhras samhraidh agus boladh na fola ag an uile imreoir ar an bpáirc.

Domhain sa dara leath, fuaireamar cic saor agus nuair a chuas féna dhéin, cé bhí ina staic romham ach an strapaire caol ard seo i ngeansaí dubh agus ómra a chumainn agus é ag cur as ó thalamh ag iarraidh mé a chur dem’ bhuille. D’aithníos láithreach bonn an buachaill, é fásta troigh nó mar sin ó chonac go deireanach é, ach ba é a bhí ann mar sin féin.   

Cad ná dúradh fé Pháidí Sé, fé mhucksavaigí na Gaeltachta agus fé bholadh an aoiligh ins na deich soicind nó mar sin a thóg sé orm an cic saor a thógaint agus a sheoladh go dtína sprioc. Bhí mórán le foghlaim an lá úd ag buachaillí Thrá Lí agus thuilleadar a gceachtanna go dian is go daor.

Kieran Donaghy, Ciarraí. PIctiúr: Seán Ó Mainnín

Trí bliana ina dhiaidh sin in 2004, an bhliain go raibh sé á chur féin ar a thriail leis na Underdogs bhí Donaghy isteach is amach ag traenáil le painéal Chiarraí a bhí ar a slí go dtína gcéad chluiche ceannais fé stiúir Jack Uí Chonchúir.

Nuair a buaileadh breoite duine den bpainéal do chluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Átha Cliath, tugadh Donaghy isteach mar ionadaí déanach agus sinn ag taisteal chun na hardchathrach don ndeireadh seachtaine. Toisc go rabhas im chaptaen agus ar dhuine des na himreoirí seanbhunaithe faoin dtráth sin, socraíodh go gcuirfí an fear nua sa tseomra im theannta.

Ba léir ó thús go raibh Donaghy lán de ghiodam agus de theaspach. Labhair sé ar an lá úd ar bhuail sé le Maurice Fitzgerald agus fé chúrsaí cispheile agus faoin rap is déanaí a bhí ag Eminem. Ba léir go raibh sé an-thógtha le scéala Michael Owen agus é ag aistriú go Real Madrid ó Liverpool an lá céanna agus thug sé uair an chloig ag féachaint ar Sky Sports amhail is ná raibh cíos, cás ná cathú air faoin lá ina dhiaidh sin ná fén mbabhta leis na Dubs a bhí ag teannadh linn.

Tar éis trí cinn de ghlaochanna abhaile go dtína chéirseach ag eachtraí di mar gheall ar an óstán, mar gheall ar a chompánach nua a bhí sa tseomra ina theannta agus mar gheall ar an dá ghadhar a bhí le cothú a fhaid is a bhí sé imithe (n’fhéadfainn gan an comhrá a chlos!), theip ar m’fhoighne.

Dúirt leis go mb’fhearr go mór is go fada díriú isteach ar an ndúshlán a bhí romhainn, mhúchas na soilse agus chuas a chodladh.

N’fheadar fós cad dúirt sé lena chéirseach ná lena chairde mar gheall ar an gcancrán a bhí sa tseomra ina theannta ach réitíomar go diail ar feadh an dá bhliain a bhí le chéile i ngeansaí Chiarraí againn ina dhiaidh sin.

Tá mórán ráite le laethanta beaga anuas fén lá úd i gcoinne Longfoirt nuair a chéadnocht Donaghy a mhianach scanrúil mar lántosaí. Bhíos féin leathbhliain éirithe as agus mé neadaithe sa phaiste is dual dom, Ardán Mhichíl Uí Chonchúir i Staid an Ghearaltaigh, agus dheineas gáire beag geal a tháinig ó íochtar mo bhoilg.

Chonac cheana tú arsa an cat leis an mbainne te! Roinnt míosa roimis sin, agus mé féin ag fágaint slán le dhá bhliain déag i ngeansaí sinsir Chiarraí, ní raibh aon amhras orm fé cé a thiocfadh i m’áit ag uimhir 14. Tá a fhios agam go ndúirt cathaoirleach CLG Chiarraí ag an am, Seán Walsh, le Jack O’Connor i dtús na bliana 2006 é agus bhí an robach a dhein sé mar lántosaí le Aibhistín de Staic i gcraobh an chontae 2005 le feiscint ag an uile dhuine.

Ní roimh am a aistríodh Donaghy ó lár a’ gharraí go himeall na cearnóige bige, ach nuair a deineadh ní mar a chéile a bheadh an chaid ard ag tuirlingt go deo arís.

Fág freagra ar 'Kieran Donaghy – ‘townie’ tíriúil tiarnúil agus fathach peile'

  • Cluain Sceach

    Sár alt, lám de spóirt is d’eolas!

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Ní bheidh i leithéad arís ann, …….. bhuel seachas Clifford, agus an scáite uile ata ag teacht ón na mionúir!

  • Murchadh

    Fear fadaraíonach foighneach thú, bail ó Chrom Dubh ort. Imreoir/duine drochbhéalach taircaisniúil mar sin …ní maith é.