Ó ‘Game of Thrones’ go dtí ‘The Sopranos’, cad iad na sraitheanna teilifíse is fearr?

Anois an t-am le teacht suas ar chuid de na sraitheanna is fearr agus greim a fháil ar na boscraí. Ach cad iad na cinn is fearr lenár léirmheastóir. Seo a rogha ó 5-1...

5. Game of Thrones: Arrachtach na teilifíse i láthair na huaire. Dragain, zombaithe na leice oighir, draíocht, gnéas, gáirsiúlacht, carúlacha, coimhlint, comhchealga, foréigean, polaitíocht, fealltacht agus cnuasach carachtar gan áireamh. Más áin leat é nó nach áin, is sraith faoi leith é seo ná feadar Dia duine ná dragain cén uair a thiocfaidh deireadh leis. Saothar é seo nach leasc leis piardaí móra a chur de dhroim seoil (Ned Stark/Sean Bean i séasúr 1 amháin) agus tá lucht leanta Jon Snow ar cipíní féachaint an féidir an laoch a thabhairt ar ais ón mbás.

Game of Thrones


4. The West Wing: Tá an saothar seo sleamhnaithe síos an liosta thar na blianta mar gheall ar an réalachas agus an teannas atá ina chéilí comhraic. Ní ceart an tsraith seo a fhágaint in áit na leathphinge, áfach. Draoi na cainte agus na cabaireachta é Aaron Sorkin agus d’eascair an táirge seo as The American President (1995), ina raibh cuid den chliar chéanna. Bhí sé i gceist go mbeadh Michael Douglas mar President Bartlett, is é le feiscint go hócáideach. Nuair a cinneadh an ról a thabhairt do Martin Sheen agus carachtar lárnach a dhéanamh de, bhí cóta bán na sraithe déanta. Táirge idéalach, deisbhéalach le carachtair chaithiseacha a chothaigh suim sa pholaitíocht.


3. Breaking Bad: Feiniméan é seo, a bhuíochas do Netflix. Tháinig seo aniar aduaidh orainn agus mise á rá leat gur bhain sé geit asainn. Tugann Bryan Cranston taispeántas thar na bearta uaidh mar an múinteoir ceimice atá imithe ar bóiléagar isteach i ndomhan na ndrugaí. Beidh tine ar do chraiceann i ngach gála den tsraith seo (an ghadaíocht traein i séasúr 5 go háirithe) agus fios maith agat go bhféadfadh aon rud tarlú. Foréigeanach, scanrúil, teannasach agus le carachtair thánaisteacha mhealltacha, Saul Goodman, a bhfuil a shraith féin anois aige ina measc. ‘Say my name, a mhac.’


2. The Wire: Táthar ann a mhaífeadh gurb é seo ba cheart a bheith ar bharr an liosta. Is geall le carachtar ann féin é cathair Baltimore i dtáirge ildánach, iltoiseach David Simon. An tréith is suntasaí de chuid na sraithe, agus ceann de na buanna is mó atá aige, ná an tslí go ndíríonn gach séasúr ar institiúid dhifriúil agus an nasc atá acu leis an gcóras dlí agus cirt: tionscal na ndrugaí, na duganna, rialtas áitiúil, an córas scolaíochta agus na meáin. Tá réalachas thar na bearta ag baint leis an saothar agus aisteoireacht den scoth ó chliar chumasach, anaithnid, ó Dominic West mar Jimmy McNulty go háirithe.

Wire


1.The Sopranos: An bas ar fad acu gan aon agó. James Gandolfini, nach maireann, ag dul go smior Tony Soprano, ceannaire an Mhafia in New Jersey. Cuid de na carachtair thánaisteacha is téagartha agus is suntasaí i stair na drámaíochta teilifíse: Junior Soprano, Sil agus Paulie Walnuts. É gáirsiúil agus foréigneacha nuair ba ghá agus greannmhar i bhfad níos minice ná mar a bheifeá ag súil leis. Tá an gála ‘Pine Barrens’ aitheanta go forleathan mar shárshaothar faoi leith. É sin ar fad gan trácht ar an gcomhrac beirte idir Tony agus Dr. Melfi. Tá réamhtheachtaithe dochreidte sa seánra seo: gach rud ó Goodfellas go cnuasach The Godfather ach beireann sé seo barr bua orthu ar fad.

Sopranoshttps://www.youtube.com/watch?v=zsxthFO-HWs

Cinn eile nár mhiste a lua: House of Cards: taispeántas iontach ó Kevin Spacey cé go ndeachaigh rudaí chun leadráin sa séasúr deireanach. Homeland: Claire Danes iontach sa tsraith seo a dhíríonn ar ghníomhartha gaisce spiaire ban le fadhbanna meabhairshláinte. Deadwood: Léargas gáirsiúil, greannmhar, brúidiúil ar ré na mbuchaillí bó. Is mór an trua nach bhfuil ann ach trí shraith. Orange is the New Black: saothar drámatúil agus greannmhar in éineacht a thugann éachtaint ar phríosún ban. Ceannródaíoch sa tslí is gur cliar bhaineann den chuid is mó atá i gceist. Newsroom: saothar eile de chuid Aaron Sorkin a chuaigh chun áiféise go minic ach go gcaitheas a lua leis an mír iontach thíos a shleamhnú isteach.

Newsroom

Fág freagra ar 'Ó ‘Game of Thrones’ go dtí ‘The Sopranos’, cad iad na sraitheanna teilifíse is fearr?'

  • Feardorcha

    Séasúr 1 de True Detectives. Chomh maith le haon rud atá luaite thuas is dóigh liomsa.
    Ná bac Orange is the New Black, áfach. Níl tathag dá laghad ann.

  • Ruairí

    Is dóigh liom go bhfuil ‘Justified’ an-mhaith freisin.

  • Seán

    Tá house of cards den scoth fresin. Tabhair seans do Fargo fresin. Mall go leor ach bhain mé an-sult as!