Ó Domhnaill éirithe as páirtí parlaiminte FF i ndiaidh cruinniú le haoire an pháirtí

Cé go bhfuil sé i gceist ag Ó Domhnaill fanacht ina bhall d’Fhianna Fáil féin, is é an Coiste Rialacha agus Gnáis a dhéanfadh aon chinneadh maidir lena bhfuil i ndán dó mar bhall den pháirtí

Ó Domhnaill éirithe as páirtí parlaiminte FF i ndiaidh cruinniú le haoire an pháirtí

I ndiaidh cruinniú le haoire pháirtí Fhianna Fáil, Michael Moynihan, tráthnóna, chinn an Seanadóir Gaeltachta as Cloich Chionnaola i dTír Chonaill go raibh sé ag éirí as mar bhall de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil.

D’fhógair an Seanadóir go raibh sé ag éirí as i bhfianaise na tuarascála a d’fhoilsigh SIPO faoi inniu ina ndeirtear gur sháraigh sé an dlí in éilimh a rinne sé ar chostais.

Cé go bhfuil sé i gceist ag Ó Domhnaill fanacht ina bhall d’Fhianna Fáil féin, d’fhéadfadh go bpléifeadh Coiste Rialacha agus Gnáis an pháirtí a chás go fóill. Is é an Coiste sin a dhéanfadh aon chinneadh maidir lena bhfuil i ndán don Seanadóir mar bhall den pháirtí.

Meastar go bhfuil seans mór ann go bhféachfaidh an Coiste Rialacha agus Gnáis ar chás Uí Dhomhnaill san athbhliain i bhfianaise a thromchúisí is atá cinntí fiosrúcháin SIPO. Dheimhnigh urlabhraí ó Fhianna Fáil do Tuairisc.ie tráthnóna go raibh Ó Domhnaill éirithe as an bpáirtí parlaiminte agus nach mbeadh sé ina Sheanadóir de chuid an pháirtí feasta, ach dúirt an t-urlabhraí nach mbeadh aon ráiteas eile á dhéanamh faoin scéal.

Dúradh sa tuarascáil a d’fhoilsigh SIPO inniu go raibh “gníomhartha tromchúiseacha” déanta ag an Seanadóir Ó Domhnaill, agus nach “de mheon macánta” a rinne sé na gníomhartha sin ach “chun an toradh airgeadais ab fhearr ab fhéidir a bhaint amach”.

Fuarthas sa tuarascáil gur sháraigh an Seanadóir an dlí nuair a d’éiligh sé agus nuair a ghlac sé le costais taistil agus chothaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta ar ócáidí éagsúla sa bhliain 2006

Deirtear sa tuarascáil gur “ag an leibhéal ab airde” a sháraigh an Seanadóir Gaeltachta an tAcht Rialtais Áitiúil agus an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus gur “d’aon turas” a sháraigh an Seanadóir an reachtaíocht ar na hócáidí atá i gceist.

Fág freagra ar 'Ó Domhnaill éirithe as páirtí parlaiminte FF i ndiaidh cruinniú le haoire an pháirtí'

  • Eithne Uí Gallachóir

    Cloich Chionnaola – litriú mícheart – Cloich Cheann Fhaola!!
    Filleann an feall ……!