Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do théarma sé bliana eile mar Choimisinéir Teanga

Cuirfear an t-ainmniúchán faoi bhráid Thithe an Oireachtais anois agus Uachtarán na hÉireann a athcheapfadh Rónán Ó Domhnaill ina dhiaidh sin

Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do théarma sé bliana eile mar Choimisinéir Teanga

Tá an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do théarma sé bliana eile.

Ag cruinniú rialtais inniu a glacadh leis an moladh go n-ainmneofaí Ó Domhnaill don dara téarma.

Cuirfear an t-ainmniúchán faoi bhráid Thithe an Oireachtais anois agus Uachtarán na hÉireann a athcheapfadh Ó Domhnaill ina dhiaidh sin.

Is as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara do Rónán Ó Domhnaill agus is é an dara duine a ceapadh ina choimisinéir teanga in Éirinn.

I mí Márta 2014 a cheap Uachtarán na hÉireann Ó Domhnaill ina choimisinéir teanga. Tháinig sé i gcomharbacht ar Sheán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir teanga, a d’éirigh as a chúram mar agóid in aghaidh fhaillí an rialtais i leith na teanga.

Iar-iriseoir agus iar-chomhfhreagraí le Nuacht TG4/RTÉ é Rónán Ó Domhnaill.

Bhí a iarfhostóirí i measc na ndreamanna a ndearna sé iniúchadh orthu ó ceapadh é.

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí aige, dúirt sé gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do théarma sé bliana eile mar Choimisinéir Teanga'