Ó DHÚCHAS…’Tháinig Gobnait chun a báis i nDún Chaoin’

Uair sa tseachtain, i gcomhair le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Ceiliúrfar Lá Fhéile Ghobnatan in Inis Oírr, Dún Chaoin agus Múscraí an tseachtain seo…

Ó DHÚCHAS…’Tháinig Gobnait chun a báis i nDún Chaoin’

Naomh Gobnait

Réamhrá.

Tá a lán scéalta i mbéal mhuintir Dhún Chaoin i dtaobh Phátrún an Pharóiste — Naomh Gobnait. Fuaireas an scéal seo ó Mhuiris Ó Catháin ón mBlascaod, agus dúirt seisean gur chuala sé an scéal go minc ó na seandaoine. Tá sé timpeall trí fichid bliain d’aois, agus chaith sé a shaol san Oileán.

Timpeall le dhá chéad bliain ó shin bhí taoiseach mór ina chónaí sa Fhrainc. Ní raibh puinn creidimh sa tír an uair sin, agus dhaortaí chun báis an dream a lean don bhfíorChreideamh. Bhí aon iníon amháin aige darbh ainm Gobnait agus bhí sí an-mheasúil ar an gCreideamh, í ana-dhiaganta, agus ana-charthanach.

Bhí a hathair i bhfad in earráid léi, agus sa deireadh tháinig buile air chuici, agus dhíol sé í le captaen árthaigh. D’ardaigh an captaen leis í, agus dúirt a hathair leis í a chaitheamh i bhfarraige. Ghlac an captaen trua di, agus nuair a tháinig sé go Cuan Fionntrá chuir sé i dtír í. Bhí béal Chuan Fionntrá faoi choill mhór an uair sin, mar is ó shin a shlog an fharraige chuici an choill, agus fágadh Cuan Fionntrá mar atá sé inniu. Chuaigh Gobnait isteach sa choill, agus mhair ann ar chnónna agus ar thoradh na gcrann.

Lá amháin chuala sí guth ag caint léi ag rá léi imeacht ón gcoill, agus imeacht léi go mbuailfeadh trí fhia léi agus a bheith in éineacht leo. Is é an áit ar bhuaileadar léi ná thiar san áit a nglaoitear Cill Ghobnait air anois, thiar cois na farraige in iarthar Dhún Chaoin. Chaith sí tréimhse mhaith ansin agus i ndeireadh na dála labhair an guth arís léi agus dúirt léi imeacht nó go mbuailfeadh sé cinn léi. D’imigh sí léi gur shroich sí Cnoc Bhréanainn agus bhuail naoi gcinn léi i mBaile an Mhúraigh i bParóiste Múrach.

Tháinig Gobnait chun a báis i nDún Chaoin an áit ar a nglaoitear Cill Ghobnait anois. Tá meas mór ag muintir Dhún Chaoin ar an Naomh agus is í Pátrún an Pharóiste í.

Gach bliain tugtar turas an dara lá d’Fheabhra ar an gCill. Deirtear go leigheastar galar scornaí ach an turas a thabhairt timpeall an tobair naoi n-uaire.

Tá cros ann fós a cuireadh os cionn an tobair. Tar éis bháis di cuireadh cros os cionn na huaighe. Bhíodh na daoine ag tabhairt turais ar an tobar ar an aonú lá déag de mhí Feabhra. Bhíodh daoine ar meisce uaireanta ag tabhairt an turais. Tháinig fearg ar an Sagart Paróiste i mBaile an Fheirtéaraigh agus d’ordaigh sé an chros a thógaint agus í a chur ó thuaidh go Cill Mac Éadair.

Deineadh amhlaidh agus ar maidin bhí an chros ina seanionad i gCill Ghobnait. Níor deineadh aon iarracht as sin amach ar an gcros a athrú. Tá sí ann fós agus is é Cill Ghobnait ceann de na háiteanna is stairiúla i bParóiste Dhún Chaoin. Tá an scoil agus an Séipéal sa pharóiste toirbheartha di.

Faisnéiseoir: Muiris Ó Catháin, an Blascaod Mór, Co Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS…’Tháinig Gobnait chun a báis i nDún Chaoin’'