Ó DHÚCHAS: ‘Ba mhór an gheit a baineadh as nuair a d’airigh sé guth truamhéalach na mná sí…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Bhíodh ádh ar leith ar an lánúin a phósadh mí Lúnasa

Ó DHÚCHAS:	‘Ba mhór an gheit a baineadh as nuair a d’airigh sé guth truamhéalach na mná sí…’

Deirtear sa dúthaigh seo go mbíonn an bhean sí ag glaoch nuair a bhíonn duine a bhfuil ‘Ó’ roimh a ainm sloinne ag fáil bháis. Seo scéal a chuala mé ina thaobh. Fear a bhí ina chónaí timpeall dhá mhíle ón mbaile mór — uair amháin tharla go raibh sé ag dul abhaile ag uair an mheán oíche. Ag gabháil thar an ospidéal dó ba mhór an gheit a baineadh as nuair a d’airigh sé guth truamhéalach na mná sí ag glaoch trí huaire. Rith sé abhaile agus d’inis sé an scéal dá mháthair. “Ó,” ar sise, “ná bac leis sin, is dócha go bhfuair duine éigin a raibh ‘Ó’ roimh a ainm sloinne bás. Beidh a fhios againn gan mhoill.” Agus ar ndóigh bhí an ceart aici. Tháinig fear an phoist isteach go luath ar maidin agus d’inis sé dóibh go raibh Séamus Ó Laoghaire tar éis bás a fháil i rith na hoíche.

Máire Ní Chrócaigh
Fuarthas an scéal ó Sheán Ó Clainneaidhe

Dún Garbhán, aois 77

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Ba mhór an gheit a baineadh as nuair a d’airigh sé guth truamhéalach na mná sí…’'