Laethanta na Bó Riabhaí
Bíonn mórchuid feirmeoirí leibideacha ann nach mbíonn dóthain an Earraigh féin den bhféar triomaithe acu dos na ba go mbíd ar tógáil sara mbeireann an ráithe amuigh orthu.
Bhí seanbhó in áit éigin agus bhí drochbhail uirthi le linn an Mhárta. Bhí eagla uirthi go maródh fuacht agus feannaid an Mhárta í mar a maraíonn sé na seandaoine. Sea, dob fhada léi go raibh an Márta imithe, agus nuair a tháinig an lá deireanach de, bhí éirí croí uirthi agus ar sise, “bíodh an diabhal agat anois, a Mhárta, táim anseo de d’ainneoin”.
Cad a dhein an Márta ach iasacht trí lá a fháil ón Aibreán. Thosnaigh an chéad lá le gaoth aduaidh — gaoth dhubh nimhneach, agus sioc istoíche. An tarna lá, do chaith flichshneachta agus cloch-shneachta anuas, go ndeachaigh an fuacht go smior sa bhodóg bhocht. Tháinig séideán sneachta an oíche sin a líon gach poll is póirse agus a d’fhag coinnle reoite ar sileadh le díon is fál. Bhí carnáin sneachta is leac oighir ins gach áit an tríú lá agus fuacht ann a raghadh trí chláir déil. Bhí an bhó bhocht ar a tóin in airde marbh roimh oíche an tríú lá.
Tugtar laethanta na bó riabhaí ar thrí lá tosaigh an Aibreáin, ó shin.
Faisnéiseoir: Denis Bowler, An Cúil Rua Mór, Co Chorcaí
Stilla
Tugtar, agus “laethanta na riabhóige”. Cad faoi “scairbhín na gcuach” – garbhshíon na gcuach?
Is iontach go bhfuil Bailiúchán na Scol againn. Is beag coinne a bhí ag lucht a bhailithe go gcraobhscaoilfí ar fud an domhain é.