Níl aon duine beag ná mór nach dtéann go teach an phobail Céadaoin na Luaithe le marc a fháil ar a n-éadan. Tá deireadh anois le rince agus ceol, le hoícheanta móra agus le spórt go mbíonn an Carghas amuigh.
Cuireann na daoine oibleagáid orthu féin Turas na Croise a shiúl gach lá ar feadh an Charghais. Nil an troscadh chomh mór ar na daoine anois agus a bhíodh san sean-am. Is minic anseo a ghníodh na seanmhná agus na seandaoine an Troscadh Tréanach agus ba mhinic a chaithfeadh an sagart cosc a chur orthu ar eagla go ndéanfadh siad dochar daofa féin.
Seasann an troscadh tréanach ó Dhéardaoin go Domhnach. Ar Aoine an Chéasta ní bhlaiseann na daoine greim bídh agus ní ólann siad dadaí ach uisce go mbíonn gach rud thart i dteach an phobail.
Roimh seo ní chuirfeadh bean braon uisce ar a héadan agus ní chuirfeadh sí cíor ina gruaig ach í sínte síos léi ina slaoda go dtí go dtiocfadh sí ar ais ó theach an phobail. Is é seo an fáth a bhí leis sin.
An chéad Aoine an Chéasta nuair a chuala an Mhaighdean Mhuire gur beireadh ar Íosa agus gur daoradh chun báis É, ní raibh faill aici dadaí a dhéanamh ach a clóca a chur fána ceann agus amach léi in airicis a Mic mhuirnigh.
Mar an gcéanna chuireadh na mná anseo cóta nó fallaing suas ar a gceann agus amach leo go teach Dé gan cóiriú ar bith a thabhairt orthu féin.
Is cuimhneach liom féin fá thuairim dhá fhichead bliain ó shin nuair a bhíodh an sagart ag déanamh seanmóra ar Chéasadh Chríost, ní chluinfeá é le caoineadh ban agus chífeá deora i súile na bhfear fosta. Ba mhaith an tseanmóir anois a bhainfeadh och! as na cailíní atá ann.
Bíonn féasta ag na páistí Domhnach Cásca amuigh sna cuibhrinn. Bruitheann siad uibheacha agus beir siad amach leo iad.
Eighneachan Ó Muireadhaigh, múinteoir i Scoil Chill Charthaigh, Contae Dhún na nGall
Fág freagra ar 'Ó Dhúchas: Troscadh tréanach ó Dhéardaoin go Domhnach'