Ó DHÚCHAS: Treoir ó Rinn ó gCuanach leis an steaimpí a dhéanamh

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo agus na prátaí bainte tá treoir againn leis an steaimpí a dhéanamh…

Ó DHÚCHAS: Treoir ó Rinn ó gCuanach leis an steaimpí a dhéanamh

Tá rud eile a dheinimid thiar ansan agus ní chloisimid puinn trácht air in aon áit eile. Ní fheadar ar chuala mé ag éinne timpeall na háite seo ó tháinig mé ann agus táim ann le suas le trí bliana – steaimpí.

As práta a dhéantaí é. An chuid is mó de na prátaí agus go háirithe an chuid ná beadh rómhaith chun iad a bheiriú, prátaí ná beadh rómhór is bheadh an croí rómhaith istigh iontu. Thabharfá leat taoscán díobh sin agus iad do ní go maith i dtreo is ná beadh aon salachar ná aon chré fágtha istigh iontu.

Mura mbeadh aon ní agat chun an steaimpí a scríobadh air gheofá bosca beag des na boscaí sin go mbíonn an bainne tairbh sin istigh iontu nó bosca cócó agus é a chur isteach sa tine go dtéifeadh an teas é agus brisfidh an cliathán amach as, an áit go gcuireann an tincéir an stuif san air nuair a bheadh sé á dheisiú duit dá mbeadh sé ag ligint tríd.

Scaoilfeá amach é sin agus é a bhualadh anuas ar phíosa cláir nó rud éigin agus tlú nó casúr nó cloch a fháil agus tairne mór; tairne orlaigh nó tairne slinne tá sé go diail chuige. Ansan é  a bhualadh anuas, do chasúr a fháil agus é a bhualadh anuas ar an spíce thall is abhus tríd agus é a líonadh le poill bheaga. 

Ansin do gheofá an cláirín a bhí agat agus d’iompófá an píosa stáin bunoscionn go mbeadh an taobh garbh in airde agus bhuailfeá tairne beag eile ina cheann chun é a ghreamú don chlár.

Ansin rachfá ar do ghlúine agus do leagfá ceann an chláir isteach síos i dtóin buicéid nó méise. Tharraingeofá chugat do chuid prátaí agus thosófá á scríobadh ar an taobh garbh den stán. Imíonn na prátaí go léir ina súlach fliuch isteach síos i dtóin an bhuicéid.

Ansin nuair a bheadh do dhóthain de déanta agat, leathbhuicéad nó mar sin, gheofá píosa éadaigh, píosa geal éadaigh, píosa de chúinne mála nó píosa de chlúdach plúir nó aon ní a bheadh áiseach agat.

Thógfá aníos lán do dhá ladhar den stuif a bheadh thíos i dtóin an bhuicéid agus chuirfeá isteach sa chúinne sin den éadach é agus d’fháiscfeá an súlach agus an t-uisce a bheadh ann amach as. Rud tirim a bheadh fágtha agat ansin sa cheirt agus chuirfeá é sin isteach sa mhias ina mbeifeá ag déanamh an aráin. Chuirfeá uisce an steaimpí taobh amuigh den doras agus d’fhágfá ansin é go dtí an mhaidin. Chífeá ansin go mbeadh orlach nó orlach go leith stairs (stáirse) anairde ar a bharra agus bheadh an t-uisce buí dubh thíos fé.

Bhuel an stuif a bheadh istigh agat ansin chun an t-arán a dhéanamh, na prátaí tirime fáiscthe, croith gráinnín beag plúir tríothu. Níl aon mhaith plúr muilinn a chur tríothu in aon chor ach an plúr geal san agus nuair a bheidh an plúr istigh agat, cuir pinse beag sóide tríd agus gráinne beag salainn agus iad ar fad do shuaitheadh go maith ina chéile.

Is fearr braoinín uisce stálaithe chun iad do shuaitheadh ná aon bhainne agus ní gá duit mórán de mar bíonn sé tais go maith ann féin roimhe sin. Nuair a bheidh sin déanta agat, leag amach é ina bhocaire tanaí agus cuir ar an tine agus lig leis.

Is maith an rud písín ime a chur thíos fé mar cuireann sé blas breá ar fad air.

Téigh leis ansin é go mbeidh an taobh sin réidh agus iompaigh ar an taobh eile ansin, timpeall leathuair an chloig a bheidh sé ar an dtine agat.

Níl aon phíosa aráin ar domhan níos fearr ná chomh blasta leis nuair a ghearrfá trasna trína ina lár é agus píosa maith ime a chur anuas air agus píosa de a ithe sula rachfá a chodladh.

Deirimse leat ná beadh aon bhaol ná go ndéanfá codladh breá is go mbeifeá chomh láidir le capall nuair a d’éireofá an mhaidin ina dhiaidh sin.

– Diarmaid Ó Drisceoil a thug an ceacht cócaireachta seo do Nioclas Breathnach i Rinn ó gCuanach  i 1935 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Treoir ó Rinn ó gCuanach leis an steaimpí a dhéanamh'