Ó DHÚCHAS… Tiocfaidh an lá go fóill agus beidh an iníon ag breith buntáiste ar a máthair

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo ag caoineadh an tsaoil a bhí le theacht atá fir an Ghleanna

Ó DHÚCHAS… Tiocfaidh an lá go fóill agus beidh an iníon ag breith buntáiste ar a máthair

Is mór atá na daoine athraithe ón tseanaimsir. Bhí fear as Gleann ag dul síos go haonach na gCeall le bó a dhíol. Mheetáil sé fear i bparóiste Chill Charthaigh i mbaile a dtugann siad Caiseal Charn air. Cheannaigh sé an bhó uaidh agus nuair a chuaigh sé a dhíol ar shon na bó, rinne sé amach go raibh sí róshaor aige. Agus bhí sé a’ tabhairt dó níos mó ná a d’iarr sé. Agus an fear a dhíol an bhó rinne sé amach go dtug an fear eile an bharraíocht uirthi agus bhí sé a tiontú cuid den airgead ionsair. Agus bhí an bheirt a scamhláil, duine acu ag dréim maitheas a dhéanamh ar an duine eile.

Tháinig fear ionsorthu agus rinn siad amach ar dhóigh nach fear den áit seo a bhí ann, gur fear de bhunadh na gcnoc a bhí ann agus shuigh sé ar thaobh an chlaí agus d’fhliuch sé haincearsan ag caoineadh. ‘Ó mo thrua ghéar-sa,’ arsa seisean, ‘an saol atá le theacht’.

‘Tiocfaidh an lá go fóill agus beidh an iníon ag breith buntáiste ar a máthair agus beidh an mac ag breith buntáiste ar an athair.’

Agus ar ndóigh tá sin le feiceáil ar an tsaol anois.

Seán Ó hEochaidh a bhreac síos an píosa seo ó Éamonn Ó Ludhóg as Mín an Aoire i nGleann Cholm Cille i 1936

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… Tiocfaidh an lá go fóill agus beidh an iníon ag breith buntáiste ar a máthair'