Ó DHÚCHAS: Tinte Cásca Dhairbhre agus an fáth go bhfuair Tinní a ainm

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Deir na seandaoine go mbíodh na págánaigh ag tabhairt onóra do dhá thine..

Ó DHÚCHAS: Tinte Cásca Dhairbhre agus an fáth go bhfuair Tinní a ainm

Ceantar san oileán seo is ea Tinní. Is é m’áit dhúchais féin. 

De réir na seandaoine ‘sé an fáth go bhfuair sé a ainm, ná go mbíodh na seanphágánaigh ag tabhairt onóra do dhá thine.

Do bhíodh ceann acu i mbarr na Tinní i lios éigin atá ann fén gcnoc. Do bhíodh an ceann eile ar Charraig na Tine atá gearrtha ón dtalamh ag Góilín Dairbhre, ach is é Carraig Cinne a thugtar air anois pé cúis é.

Bhíodh siad ag lasadh go breá soiléir gach Satharn Cásca. 

Go háirithe, tháinig an Satharn seo agus do lasadh an tine cois leasa; d’fhágadar ansan í agus chuadar go Carraig na Tine, chun an rud céanna do dhéanamh ann.

Lena linn sin chuaigh fear cois tine an leasa, agus thit sé ina chodladh ann.

D’fhan sé ann i rith na hoíche. I rith an ama chéanna bhí a dhaoine á chuardach. Sa deireadh fuaireadar é, é nach mór dóite cois tine. Rugadar abhaile é agus tar éis tamall a caitheamh mar sin gan caint gan anam fuair sé bás. 

Ansan dúirt na daoine gur leo an tine gur cheart an rud é do chur in aice le Nór na Nual, chun a thaispeáint do gach éinne gurbh dhrochdhuine é.

Níl aon fhothrach d’aon tábhacht ann ach Nór na Nual, agus tá sé i mbéalaibh na ndaoine go bhfuil sé chomh teann san go ndúirt duine éigin go mbeidh sé ann fhaid is a bheadh Tinní mar ainm ar an gceantar fé.

Máire Ní Chonaill (76), Currach Beag, Dairbhre, a d’inis an seanchas seo do Shorcha Ní Chúipéir as Tinní ar an oileán sin.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Tinte Cásca Dhairbhre agus an fáth go bhfuair Tinní a ainm'