Bhuel bhí fear anseo thuas i Ros Muc fadó fadó – amuigh ag Ros Muc, a raibh sacairí seoil aige. Agus thug sé de notion dó fhéin lá go ngabhfadh sé amach ag fleótáil iascach. Chuaigh sé amach idir muid is Árainn. Agus níor thug sé aon deoch leis as baile a’ gabháil ’un farraige dó. Nuair a bhí sé amuigh ins an gcaoláire bhuail tart é agus calm agus tháinig sé i dtír ar aill Phort Mhuirbhigh go bhfaigheadh sé deoch.
Shiúil sé suas tigh an Fhlathartaigh agus bhí sin ann thart faoin gcúirt leis an mballa agus é lán le cíléir uachtair bainne. D’iarr sé deoch ar an gcailín agus níor thug an cailín sin dó. Thug sé féin leis an muigín nó braighdeog den drisiúr agus d’ól sé deoch – a dhóthain as ceann de na cíléir. Nuair a bhí sin déanta aige chuir an cailín a raibh de bhainne sa teach trína chéile le cuthach uile.
Bhí an Flathartach seo agus a chriú agus a bhád imithe soir oir-Árann ag tógáil creach, ag tógáil beithígh nó muca nó im nó rud ar bith.
Agus nuair a tháinig sé, d’fhiafraigh sé céard a chuir an bainne trína chéile agus dúirt an cailín gurb é an fear sin a bhí amuigh ins an mbád seoil sin amach sa gcaoláire.
“Bhuel is gearr go mbainfidh mise a shásamh de sin,” a deir sé.
Bhí sé fhéin [fear Ros Muc] ag triall ar an mbaile agus lean sé seo lena sheisear fear é agus a bhád fada. Agus sé’n áit a dtáinig sé suas leis ag Oileán Mana.
Bhí sé seo a’ réiteach faoina gcoinne nuair a chonaic sé a’ tíocht iad. Bhí fhios aige nach ar mhaithe leis fhéin a bhí siad a’ tíocht le power iomartha, fir agus bád fada. Loosáil sé scriútaí agus loosáil sé stagh agus loosáil sé an crann. Agus nuair a bhí, tháinig an Flathartach ar bord. Shiúil sé aniar as deireadh an bháid go dtéadh sé isteach ar an locker agus shuigh sé síos ar an locker go ligfeadh sé a scíth.
Nuair a fuair sé seo ina shuí ar an locker é, ghearr sé fhéin runners an stagh agus scaoil sé siar an crann agus sé’n áit a bhuail an crann an Flathartach i mullach a chinn. Leis an léim a thug an crann de chuaigh sé fhéin de léim i bhfarraige amach. Chuaigh seisean síos ar an mbabstae agus thit sé fhéin i bhfarraige ach gur choinnigh sé a chloigeann aníos nó gur caitheadh isteach ar Inse Gainimh an bád le sruth is le gaoth.
Níor bhreathnaigh sé aniar go ndeachaigh sé an taobh ó dheas de Leitir Mealláin agus gur dhúirt sé leis an tseanbhean – baintreach a bhí ann – gan aon fhaitíos a bheith uirthi go dtiocfadh Flathartach Mór Árann a’ tógáil creach uirthi amárach, go raibh sé caite go gaineamh aige fhéin ag Oileán Mana.
I 1935 a d’inis Peadar Ó Uaithnín (70) as Maínis an scéal seo a fuair sé féin óna athair do Liam Mac Coistealbha.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Thug fear Ros Muc de notion dó fhéin lá go ngabhfadh sé amach ag fleótáil iascach'