Ó DHÚCHAS: Tharraing sé ar an gcailleach agus bhain sé an cloigeann glan di

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo gasúr seiftiúil as Inis Oírr atá againn...

Ó DHÚCHAS: Tharraing sé ar an gcailleach agus bhain sé an cloigeann glan di

Bhí bean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici agus bhíodar an-bhocht. Bhí an mac chomh ramhar sin go raibh a cháil ar fud an domhain. Bhí triúr cailleach ins an Domhan Thoir agus tháinig duine acu ag iarraidh Bolgaidín le béile mór a dhéanamh dhe.

Bhí fhios ag an mháthair go raibh sí le theacht agus bhí an mac istigh sa gcófra aici.

Tháinig sí agus shuigh sí síos agus bhí mála ar a droim aici agus bhí sí ag comhrá leis an mbean ar nós duine ar bith. I gceann tamaill labhair an chailleach anonn le Bolgaidín.

‘Gabh anall anseo. Tá arán agus im agus gach rud anseo i mo mhála.’ Ghlaoigh sí trí huaire air agus níor tháinig sé.

Tháinig sé anall ansin agus chrom sé síos a chloigeann ins an mála leis na rudaí deasa a fháil. D’éirigh sí agus bhrúigh sí síos ann é agus d’imigh sí leis amach an doras. Bhíodar ag imeacht go dtáinig siad chomh fada le crann úll agus labhair Bolgaidín amach léi.

‘Ní dheachaigh mo mháithrín fhéin thar an gcrann seo ariamh gan úll a thabhairt dhom.’

‘Bhuel,’ a deir an chailleach ‘beidh sé sin le rá agat liomsa,’ ag fágáil síos an mhála agus ag dul suas ins an gcrann. Nuair a fuair Bolgaidín thuas í tháinig sé amach as an mála, líon sé suas le clocha é agus rith leis abhaile i ngan fhios don chailleach.

Nuair a tháinig sí anuas chaith sí an t-úll isteach san mála agus níor bhreathnaigh sí ar chor ar bith ann. Nuair a tháinig sí chuig an teach ní dheachaigh sí isteach ar chor ar bith ann ach dul suas ar bharr an tsimléir agus an mála a chaitheamh anuas agus bhí pota uisce te ar an tine agus chaith sí anuas an mála ag ceapadh gurbh é Bolgaidín a bhí ann. Céard a dhéanfadh ach an pota a bhriseadh agus an t-uisce a dhoirteadh ar fud an teallaigh agus dódh an bheirt chailleach a bhí ina suí ag an tine.

Bhí fearg mhór orthu agus bhíodar ag troid agus ag caint ar feadh trí lá, agus ansin dúirt an dara cailleach go ngabhfadh sí féin á iarraidh. Chuaigh, ach thit na rudaí céanna amach díreach mar a thit amach don chéad chailleach. D’imigh Bolgaidín uaithi ag an gcrann úll. Dúirt an tríú cailleach go ngabhfadh sí féin dhá iarraidh.

Chuaigh agus bhí sé aici nuair a tháinig sí abhaile. Chuir sí anonn i seomra é faoi ghlas. Oíche Dé Sathairn a bhí ann agus thug siad ordú don chailleach fanacht ón Aifreann maidin Dé Domhnaigh agus Bolgaidín a bheith marbh agus bruite nuair a thagadh siad féin. Bhí go maith agus ní raibh go holc.

Bhíodar imithe agus fuair an chailleach an tua mhór agus shín sí Bolgaidín ar stól agus bhí sí ag dul ag tarraingt air ó mhaol gualainne nuair a dúirt sé léi.

‘Spáin dhom an tua go bhféachfaidh mé an bhfuil a dóthain faobhair uirthi le mé  a mharú den chéad iarraidh agus gan mé a bheith faoi phionós.’

Thug sí dó í agus shín sí féin ar an stól agus tharraing sé uirthi agus bhain sé an cloigeann glan di. Ghearr sé suas ina píosaí í agus líon sé an pota a bhí ar an tine ina chomhair féin.

Ansin chuaigh sé i bhfolach ar chúl na cuinneoige a bhí sa seomra. Tháinig an bheirt eile ón Aifreann agus bhíodar sásta nuair a chonaic siad Bolgaidín ag fiuchadh, má b’fhíor dóibh féin. Chuaigh siad ag ithe agus ag ithe ag ceapadh go raibh an chailleach eile imithe ar an tsráid. Tháinig tart ar dhuine acu agus chuaigh sí anonn chuig an gcuinneog ag sá a cloiginn síos ag ól.

D’éirigh Bolgaidín amach agus bhrúigh sé síos ann í agus phlúch sé í. Tháinig tart ar an gcailleach eile agus chuaigh sí chuig an gcuinneog. Sháigh sí síos a cloigeann féin agus chuaigh sí ag ól.

Ach d’éirigh Bolgaidín agus rinne sé an cleas céanna léi.

Bhí an triúr cailleach marbh anois aige agus chuartaigh sé an teach. Fuair sé airgead na cruinne agus go leor aráin agus fuair sé capall breá amuigh san stábla agus d’imigh leis abhaile sásta go maith.

Bhuail sé ar an doras ach ní raibh a mháthair in ann é a oscailt dó.

Bhí sí i ngar don bhás leis an ocras. Fuair sé cloch mhór ansin agus chuir sé poll sa doras.

Ansin bhí sé ag caitheamh giotaí beaga aráin isteach aici ach ní raibh aon cheann ag dul chomh fada léi. Ar deireadh chuaigh giota beag isteach ina hucht agus bhí sí in ann a dhul ag chuile cheann i ndiaidh a chéile nó go dtáinig sí chuig an doras agus d’oscail sí dó é.

Bhí an-áthas orthu ansin agus bhí béile mór acu agus mhaireadar ar an airgead uaidh sin amach.

Máire Ní Chonghaile, An Baile Thiar, Inis Oírr a fuair an scéal óna hathair Tomás i 1937

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Tharraing sé ar an gcailleach agus bhain sé an cloigeann glan di'

  • Paula NiShlatarra

    An-scéal go deo. Ní amháin go bhfuil blas na fola air, ach bhainfeadh an mhír dheireanach sin siar as duine as an nua. Shílfeá go raibh scáil an droch-shaoil fós ag bagairt ar Inis Oirr sna tríochaidí?