Ó DHÚCHAS: Tháinig Gobnait chun bás a fháil i nDún Chaoin an áit ar a nglaoitear Cill Ghobnait anois

ÓN gCARTLANN: Inniu atá ceiliúradh á dhéanamh i nDún Chaoin ar phátrún an pharóiste, Naomh Gobnait. Seo scéalta ón mBlascaod agus ó Bhaile Bhuirne faoi Ghobnait ó Bhailiúchán na Scol…

Ó DHÚCHAS: Tháinig Gobnait chun bás a fháil i nDún Chaoin an áit ar a nglaoitear Cill Ghobnait anois

Tá a lán scéalta i mbéal mhuintir Dhún Chaoin i dtaobh Phátrún an Pharóiste – Naomh Gobnait. Fuaireas an scéal seo ó Mhuiris Ó Catháin ón mBlascaod, agus dúirt seisean gur chuala sé an scéal go minic ós na seandaoine. Tá Muiris timpeall trí fichid bliain d’aois, agus chaith sé a shaol ins an Oileán.

Timpeall le dhá chéad bliain ó shin bhí taoiseach mór ina chónaí sa bhFrainc. Ní raibh puinn creidimh sa tír an uair sin, agus daortaí chun báis an dream a lean don bhfíorChreideamh. Bhí aon iníon amháin aige darbh ainm Gobnait agus bhí sí an-mheasúil ar an gcreideamh, í an-diaganta, agus an-charthanúil.

Bhí a hathair i bhfad in earráid léi, agus sa deireadh tháinig buile air chuici, agus dhíol sé í le captaen árthaigh. D’ardaigh an captaen leis í, agus dúirt a hathair leis í a chaitheamh i bhfarraige. Ghlac an captaen trua dhi agus nuair a tháinig sé go Cuan Fionntrá chuir sé i dtír í.

Bhí béal Chuan Fionntrá fé choill mhór an uair sin, mar is ó shin a shlog an fharraige chuici an choill, agus fágadh Cuan Fionntrá mar atá sé inniu. Chuaigh Gobnait isteach sa choill, agus mhair ann ar chnónna agus ar thoradh na gcrann.

Lá amháin chuala sí guth ag caint léi ag rá léi imeacht ón gcoill, agus imeacht léi go mbuailfeadh trí fhia léi agus bheith in éineacht leo. Sé an áit gur bhuaileadar léi ná thiar ins an áit go nglaoitear Cill Ghobnait air anois, thiar cois na farraige in Iarthar Dhún Chaoin. Chaith sí tréimhse maith ansan, agus i ndeireadh na dála labhair an guth arís léi agus dúirt léi imeacht nó go mbuailfeadh sé cinn léi. D’imigh sí léi gur shroich sí Cnoc Bréanainn, agus bhuail naoi gcinn léi i mBaile an Mhúraigh i bParóiste Múrach.

Tháinig Gobnait chun báis i nDún Chaoin an áit ar a nglaoitear Cill Ghobnait anois. Tá meas mór ag muintir Dhún Chaoin ar an Naomh agus ’sí Pátrún an Pharóiste í.

Gach bliain tugtar turas an dara lá d’Fheabhra ar an gcill. Deirtear go leigheastar galar scornaí ach an turas a thabhairt timpeall an tobair naoi n-uaire.

Tá cros ann fós a cuireadh os cionn an tobair. Tar éis báis di cuireadh cros os cionn na huaighe. Bhíodh na daoine ag tabhairt turais ar an dtobar ar an aonú lá déag de mhí Feabhra. Bhíodh daoine ar meisce uaireanta ag tabhairt an turais. Tháinig fearg ar an sagart paróiste i mBaile an Fheirtéaraigh agus d’ordaigh sé an chros a thógaint agus í a chur ó thuaidh go Cill Mhaoilchéadair.

Deineadh amhlaidh agus ar maidin bhí an chros ina sean-nead i gCill Ghobnait. Níor deineadh aon iarracht as san amach ar an gcros d’athrú. Tá sí ann fós agus sé Cill Ghobnait ceann des na háiteanna is stairiúla i bParóiste Dhún Chaoin.

Tá an Scoil agus Séipéal sa Pharóiste toirbhirte di.

Muiris Ó Catháin (60)
An Blascaod Mór,
Co Chiarraí


Chuaigh Finín Ó Donnchadha an Ghleanna agus a shaighdiúirí go Baile Mhúirne uair amháin ag glacadh creiche. Shroicheadar Baile Mhúirne in am mharbh na hoíche agus thosnaíodar láithreach ar gach capall agus gach beithíoch a sholáthar chucu. Pé in Éirinn é dhúisigh muintir na háite agus chuireadar ina gcoinne. Bhí Finín agus a chuid fear róláidir dóibh, rugadar an chreach leo agus siar leo i dtreo an Ghleanna arís.
Chuir muintir Bhaile Mhúirne a gcomhairle i dteannta a chéile ansan féachaint cad ab fhearr dóibh a dhéanamh agus i ndeireadh na dála shocraíodar go rachaidís ar lorg fóirithinte ar Naomh Gobnatan mar bhí an-iontaisí á ndéanamh aici leis na beacha beannaithe an uair úd.

Págánach dob ea an taoiseach a bhí orthu agus níor mhaith leis dul chuici ach b’éigean dó. Gheall Naomh Gobnait go dtabharfadh sí a gcuid stoic ar ais chucu ar choinníoll go n-iompódh an taoiseach ina Chaitliceach. D’iompaigh sé. Siar i ndiaidh lucht na creiche le Naomh Gobnait, an beachaire ina láimh aici agus í cosnochta. Tháinig sí suas leo ar theorainn an dá chontae agus do chroith sí an beachaire san aer agus tháinig na beacha amach. Dhein saighdiúirí díobh. Bhí an-bhruíon idir an dá dhream ansin agus sa deireadh cuireadh an ruaig ar lucht na creiche.

Chuaigh na beacha isteach san bheachaire arís agus d’imigh Gobnait abhaile leis an gcreach.

Pádruig Ó hÉaluigh (65)
Cluain Chaoin,
Gleann Fleisce,
Cill Airne,
Co Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Tháinig Gobnait chun bás a fháil i nDún Chaoin an áit ar a nglaoitear Cill Ghobnait anois'