Ó Dhúchas: Siar san oíche do dhúisigh duine des na bráithre agus dúirt go raibh taibhreamh scanrúil aige…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá scéal ó Chorca Dhuibhne ina bhfeicimid nárbh lúide an trócaire a roinnt sa Leitriúch fadó…

Ó Dhúchas: Siar san oíche do dhúisigh duine des na bráithre agus dúirt go raibh taibhreamh scanrúil aige…

Nuair a bhí na Sasanaigh ag cur an chreidimh fé chois in Éirinn do ráinig go raibh piarda gallda de thiarna talún agus cúirt mhór aige sa Leitriúch. Do bhí sé an-mhór i gcoinne an chreidimh Chaitlicigh. Do bhí cailín aimsire aige agus is ar an gcreideamh Caitliceach a bhí sí sin. 

Do bhí triúr bráithre bochta ar a dteitheadh agus aimsir gheimhridh dob ea é. Do bhí an fuacht agus an t-ocras ag gabháil tríothu agus dúradar ina n-aigne féin gur chuma leo a mbás nó a mbeatha agus do thugadar fé chúirt an tiarna talún seo.

Ní raibh an tiarna talún féin istigh ach bhí an cailín aimsire. Thug sí blúire bia dóibh agus do chuir sí amach an scioból iad agus dúirt sí leo fanacht ansan go maidin. Níorbh fhada gur tháinig an buachaill aimsire go dtí an tiarna talún ag insint dó go raibh triúr sagart nó bráithre ag ithe amuigh sa scioból. 

Chuir sé fios amach orthu agus do chrom an cailín aimsire ag gol mar cheap sí gurbh é an bás a bhí i ndán dóibh. Do tháinig na bráithre isteach go mall agus nuair do thángadar i láthair an tiarna thug sé ordú don gcailín an bia is fearr do thabhairt dóibh.

Nuair a bhí an bia ite acu do chóirigh an tiarna an leaba dob fhearr a bhí sa tigh dóibh.

Ach ní ligfeadh na bráithre ach gabháil d’fhéar tirim do chur fúthu, rud a bhí deacair don tiarna é do sholáthar, ach do fuair sé é agus do chuir a ndóthain éadaigh anuas orthu, agus do chodlaíodar ar a suaimhneas. Ach siar san oíche do dhúisigh duine des na bráithre agus dúirt solas do lasadh dhó go raibh taibhreamh scanrúil aige. Dúirt an bheirt eile an rud céanna, gur taibhríodh dóibh féin rud scanrúil leis. “Eachtraigh do thaibhreamh dúinn,” ar siad leis an gcéad bhráthair. 

“Taibhríodh dom gur cailleadh fear an tí agus go raibh a anam á chur sa scála ag Naomh Mícheál agus ag an áibhirseoir. Bhí peacaí an tiarna róthrom sa scála dá chuid maitheasaí. Do chaith Naomh Mícheál an beart tuí do chuir an tiarna ins an leaba chúinne isteach sa scála agus d’ardaigh sé anairde scála na bpeacaí, agus do shábháil an méid sin anam an tiarna.” “Sin é an taibhreamh céanna a deineadh dúinne,” arsa an bheirt eile.

Do dhúisíodar a raibh de sheirbhísigh sa tigh agus chuadar go leaba an tiarna agus is amhlaidh a bhí sé caillte agus cuma an-deas ar a aghaidh. 

Insíodh don saol go dtug ár slánaitheoir grásta na haithrí dó tríd an gcarthanacht do thaispeáin sé don triúr bráthar an oíche sin nuair a thug sé leaba agus bia dóibh. Do fuair sé féin leaba ón Slánaitheoir i lár na hoíche sin i gCathair na nGrást.

Do soilsíodh dos na bráithre trína gcodladh an rud a ceileadh ar a raibh de chomhluadar eile fé dhíon an tí sin.

Máire Breathnach (35), An Charraig, Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó Dhúchas: Siar san oíche do dhúisigh duine des na bráithre agus dúirt go raibh taibhreamh scanrúil aige…'