Bhí bean ann uair agus bhí go leor caorach aici.
Chuaigh na caoirigh lá amháin isteach i ngairdín an rí agus nuair a fuair an rí amach go mba léi na caoirigh rinne sé ciaróg dhi lena shlaitín draíochta.
Bhí an chiaróg ag imeacht léi riamh nó go raibh sí tráthnóna amháin taobh amuigh de theach éigin.
Bhí bean ag cniotáil taobh amuigh den doras agus bhí sí ag breathnú ar an gciaróg ag dul isteach.
Bhí sí ag faire ar an gciaróg nó go bhfaca sí ag teacht amach as an teach í [an chiaróg] agus céard a dhéanfadh sí ach an biorán cniotála a chur i súil na ciaróige.
Ghread an chiaróg léi agus ní fhaca an bhean ariamh ní ba mhó í nó go ndeachaigh sí [an bhean] lá le gnó éigin go contae Mhaigh Eo. Casadh isteach i dteach í agus chonaic sí bean a bhí ar leathshúil ina suí san gclúid.
‘Muise céard a tharla do do shúil, a bhean bhoicht,’ ar sise.
‘A’ gcuimhníonn tú ar an lá a raibh tú ag cniotáil taobh amuigh den doras agus chuaigh mise isteach tharat agus ar an mbealach amach dhom, sháigh tú biorán cniotála i mo shúil?’ arsa an bhean a bhí ar leathshúil.
Tháinig scanradh ar an mnaoi eile agus bhí sí ar tí imeacht léi nuair a ghlaoigh an bhean a bhí ar leathshúil uirthi.
‘Ná bíodh faitíos ar bith ort,’ ar sise, “is maith an gníomh a rinne tú mar thóg tú mise ó dhraíocht agus murach thú níl fhios cá mbeinn.”
Bhí an bhean eile an-bhuíoch di mar gheall ar chomh cineálta agus a bhí sí agus deirimse leat go bhfuair sí luach a saothair go maith ón mnaoi a bhí ar leathshúil agus go raibh sí bródúil go maith ag dul abhaile dhi.
Máire Ní Raghallaigh (14), Cill Chiaráin, Conamara a fuair an scéal seo ó Nóra Breathnach (56).
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Seachain an chiaróg sin i gCill Chiaráin!'