Ó DHÚCHAS: Rugadh Cú Chulainn agus ní dhearna sí ach é a chasadh ina cóta go raibh an rás rite aici

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo éachtaí mháthair Chú Chulainn atá againn..

Ó DHÚCHAS: Rugadh Cú Chulainn agus ní dhearna sí ach é a chasadh ina cóta go raibh an rás rite aici

Bhí ceannaí mála ann fadó agus lá amháin bhí sé in áit a raibh caiple a’ rith rásaí agus bhí an ceannaí ag breathnú orthu. Tháinig fear uasal go dtí é agus d’fhiafraigh sé den cheannaí an bhfaca sé aon rud riamh chomh luath leis na caiple agus níor dhúirt an ceannaí tada. D’fhiafraigh an fear uasal an cheist chéanna arís agus ní bhfuair sé aon fhreagra ach ar deireadh dúirt an ceannaí go raibh bean aige féin a bhí chomh luath le ceachtar acu. Dúirt an ceannaí go gcuirfeadh sé a ceann leis an duine uasal go raibh a bhean chomh luath leis na caiple.
Chuaigh an ceannaí ar ais go dtí a bhean agus d’inis sé a scéal di. Dúirt an bhean nach raibh aon mhisneach aici ach mar sin fhéin go ndéanfadh sí a dícheall. Chuaigh sí leis an gceannaí agus rith sí an rása leis na caiple rása ba luaithe dá raibh ann. Ar an rása deireanach rugadh Cú Chulainn agus ní dhearna sí ach é a chasadh suas ina cóta go raibh an rása rite aici agus ina dhiaidh sin fhéin ba í ba luaithe agus fuair sí míle punt.
Bhí iontas mór ar gach éinne agus cheannaigh fear uasal a bhí ann Cú Chulainn uaithi ar go leor airgid agus b’in é an fear a raibh an cháil mhór air ina dhiaidh sin mar is dóigh go raibh gaol aige lena mháthair.

Máire Ní Bhriain, Loch Conaortha, Cill Chiaráin, Conamara a fuair an scéal seo ó Pheadar Ó Briain

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Rugadh Cú Chulainn agus ní dhearna sí ach é a chasadh ina cóta go raibh an rás rite aici'