Ó DHÚCHAS: Rogha an dá dhíogha – lios nó clochar?

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo bean óg á cur sa gclochar le bean an leasa a sheachaint.. 

Ó DHÚCHAS: Rogha an dá dhíogha – lios nó clochar?

Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh ach aon iníon amháin aici. Bhí an mháthair an- cheanúil ar an iníon mar ní raibh a leithéid le fáil in aon áit le breáthacht. Nuair a bhí an cailín óg chuireadh a máthair ar scoil gach lá í agus nuair a bhíodh sí ag dul ar scoil chaitheadh sí gabháil thar bhóithrín go raibh lios in aice leis. Aon mhaidin amháin agus í ag dul ar scoil chonaic sí bean ina suí an chlaí an leasa roimpi. Do labhair an bhean léi agus d’fhiafraigh dhi an dtug sí aon lón léi i gcomhair an lae. ‘Níor thugas ach blúire beag aráin,’ arsa an cailín. ‘Fan go fóill mar sin,’ arsa an bhean, ‘agus tabharfad-sa blúire eile aráin chugat.’

Thug sí an t-arán chuici agus cheap an cailín gurbh é an t-arán ba dheise a chonaic sí riamh é ach níor ith sí aon bhlúire dhe ach é a thabhairt abhaile go dtína máthair tráthnóna. Nuair a chonaic a máthair an t-arán d’fhiafraigh sí den iníon ar ith sí aon bhlúire de. Dúirt sí sin nár ith. ‘Maith an cailín,’ arsa an mháthair. ‘Dheinis an méid sin go maith.’

An dara lá nuair a bhí an cailín ag dul an scoil bhí an tseanbhean roimpi arís ar chlaí an leasa. D’fhiafraigh sí don gcailín arís an dtug sí aon lón léi agus dúirt sí sin nár thug. Ansan thug an bhean blúire eile aráin chuici ach níor bhlais an cailín é ach é a thabhairt abhaile go dtína máthair. An tríú lá d’imir bean an leasa an cleas céanna ar an gcailín ach níor ith sí aon bhlúire den arán ach é a thabhairt abhaile go dtína máthair. Chuir sí sin na trí bhlúire aráin i gcoimeád in áit ná féadfadh aon duine iad d’fháil go deo.

Anois bhí bó riabhach ag an mbaintreach agus bhíodh an bhó breoite i gcónaí. Nuair a bhí an cailín ag dul ar scoil an tríú lá dúirt a máthair léi fiafraí de bhean an leasa an mbeadh aon leigheas aici don mbó riabhach.

Sé an leigheas a thug an bhean di ná a rá lena máthair an bhó a ní le huisce bog ó bhonn a coise go barr a hadhairce tráthnóna, agus ar sí leis an gcailín ag imeacht uaithi, “beir-se agam-sa sara bhfaighir bás.”

Nuair d’inis an cailín an méid sin dá máthair tráthnóna sé an rud a dhein sí ná an iníon féin a ní ó bhonn go baithis in ionad na bó. Do ghlac eagla an mháthair ansan go sciobfadh bean an leasa an iníon agus sé an rud a dhein sí ná í a chur isteach i gclochar mná rialta agus d’fhág ann í go bhfuair sí bás.

Pádraig Ó Cathalláin, Baile na nGall, Co Chiarraí a fuair an seanchas seo óna dheartháir Muiris (25).

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Rogha an dá dhíogha – lios nó clochar?'