Ó DHÚCHAS: Píosaí de ronnach agus im mar bhaoite agus beidh langa saillte agat Oíche Nollag

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Iasc farraige atá againn an tseachtain seo as an gCeathrú Rua a bhíodh ag mórán Oíche Nollag

Ó DHÚCHAS: Píosaí de ronnach agus im mar bhaoite agus beidh langa saillte agat Oíche Nollag

Is de bhunadh an troisc an langa. Ceann de na héisc mhóra í, mar a thugtar uirthi. Maraítear ar domhain na farraige í, agus is iomaí uair a bheirtear uirthi in aice na talún. Níl aon bhreac sa bhfarraige níos cunóraí ná í cé is moite den eascann. Sé iascach an troisc a dhéantar uirthi, agus ní iontach ar bith iad a mharú i meá iascaigh an troisc. Is breac bunmhór go leor í. Is iomaí uair a bheirtear ar chinn a bhíos idir seasca agus ceithre fichead punt meáchain ach is corruair a mharaítear ceann chomh trom sin ar chóstaí na hÉireann.

Thart ar mhágha gainimh agus droma glana a chothaíos siad agus iascach oíche is fearr lena n-aghaidh. Ní itheann an langa an oiread iasc sliogánach leis an trosc. Ar shíol óg éisc is mó a ní sí foghail. Do réir mar théas sí in aois íosann [itheann] sí gach cineál breac dá dtagann na comhgar. Is é ráithe an tSamhraidh aimsir a sceite agus ó dheireadh an fhómhair go Nollaig a bhíos sí ina séasúr. Píosaí de ronnach agus im an baoite is fearr lena n-aghaidh.

-Colm Mac Donnchadha a bhí ag freastal ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua a scríobh an seanchas seo ar an 15 Samhain 1938

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Píosaí de ronnach agus im mar bhaoite agus beidh langa saillte agat Oíche Nollag'