Ó DHÚCHAS: Oíche Fhéile Eoin – chomh luath agus a thagas na gasúir leis an ola is ea thosaíonn an spóirt

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol, féile Naomh Eoin nó Naomh Seán atá againn anocht...

Ó DHÚCHAS: Oíche Fhéile Eoin – chomh luath agus a thagas na gasúir leis an ola is ea thosaíonn an spóirt

Oíche’l Sin Seáin bíonn tinte cnámh ar lasadh agus a gcuid soilse le feiceáil ar fud Chonamara ar fad agus i gcontae an Chláir freisin agus a gcuid soilse ag dul in aer.

Na páistí a chuireas tús leis an tine chnámh i gcónaí. Ní túisce a bhíos a ndinnéar ite thar éis na scoile acu ná seo ag stócáil na tine iad.

Ar ard is gnách an tine dhéanamh.

Mura mbíonn áit na tine sách ard socraítear bonn maith cloch agus fadaítear an tine ina mullach sin. Bíonn cúpla cnámh ag na páistí le cur sa tine agus faigheann siad na splancacha lena fadú ón teach is gaire dóibh.

Cuirtear beirt ghasúr chneasta timpeall chuig na tithe ag cruinniú luach na hola. Bíonn ceaintín nó ciseán ag duine acu mar corrtheach a ngabhfaidís ann b’fhéidir nach mbeadh aon phingin ag bean an tí agus mura mbíonn tugann sí ubh dóibh.

Le cróndorchadas na hoíche bíonn an plód cruinnithe timpeall na tine. Tugann gach duine gabháil mhóna leis ag teacht dó agus tugann an dream óg seanmhálaí leo freisin.

Chomh luath agus a thagas na gasúir leis an ola is ea thosaíonn an spóirt dháiríre. Bíonn na seanmhálaí stróicthe agus ceangailte suas ina liathróidí rompu. Cuirtear an ola ar na liathróidí agus lastar iad agus ansin tosaítear á gcaitheamh suas san aer. Amanta bíonn cleitheacha [maidí} ag cuid de na gasúir agus cuireann siad an liathróid lasta ar bharr cleithe agus coinníonn suas san aer i gcónaí í go múchann sí. Is minic a bhíos sé ina choimhlint idir dhá bhaile – ‘chaon taobh acu ag iarraidh níos mó soilse chur in aer ná an taobh eile!

Lá arna mhárach ansin a bhíonn an tsáraíocht ann idir na gasúir scoile.

Anocht Oíche Shin Seáin, agus an tine mar shiombal na gile agus na cumhachta…

Nuair a bhíos sé in am dul abhaile tugann gach duine splanc leis as an tine. Má chuirtear an splanc i ngarraí féir deirtear go mbeidh barr breá féir ar an ngarraí sin. Fadó bad mhaith le daoine splanc as an tine cnámh a chur in chuile gharraí a bhain leo.

‘An té a d’fhadaigh an tine i mbliana go raibh sé ann lena fadú an chéad bhliain eile, más é toil Dé é.’

– Áine Ní Fhatharta (13) as Baile na hAbhann i gConamara a scríobh an cuntas seo i 1934 agus í ar Scoil na Tulaí.

Titeann féile Naomh Eoin ar an 24ú lá de mhí an Mheithimh. Is féile Eaglaise é agus féile náisiúnta leis. Tá a lán nósanna ag baint leis an tráthnóna roimh ré. Lastar tinte cnámh ar an dtaobh den ghairdín as a dtagann an ghaoth, i dtreo is go rachaidh an deatach trasna na páirce agus má théann deirtear go mbeidh gairdín maith san áit sin, agus scartar uisce coisricthe ar an ghairdín leis.

Lastar tine chnámh leis taobh amuigh de chró na mbó agus tiomáintear na ba thairsti agus léimeann na daoine thairsti leis. Deintear na ba agus na daoine do bheannú leis le huisce coisricthe. Deintear cró na mbó agus an tigh cónaithe do bheannú leis.

Nuair a bhíonn titim na hoíche ann téann na daoine amach ag féachaint ar an deatach go léir agus má bhíonn an oíche ciúin bíonn sé bailithe ag bun an chnoic agus an ghealach ag soilsiú air á dhéanamh níos gile.

  • Máire Ní Mhurchadha a fuair an t-eolas seo ó Sheán Ó Murchadha, An Seanbhaile Liath, Baile an Easa, Baile Chaisleáin Bhéarra

Tagann oíche fhéile San Seáin ar an bhfiche tríú lá de Mheitheamh, agus bíonn lá Féile San Seáin againn an lá ina dhiaidh sin. An oíche sin bíonn tine ar lasadh ag na daoine agus bhíodh féasta ag na daoine fadó.
‘Sé an sórt féasta a bhíodh acu. Bhaineadh siad fataí nua agus théadh siad ag iascach agus mura mbíodh iasc acu mharaíodh siad cearca nó sicíní le haghaidh an fhéasta.
Bhíodh tine chnámh acu. ‘Sé an chaoi a ndéanfadh siad an tine, ar dtús théadh siad ag bailiú airgid ar dhaoine an bhaile agus théadh siad ag an siopa agus cheannaíodh siad ola le haghaidh na tine.
Ansin théadh na daoine eile agus gheobhadh siad cúpla cliabh móna, agus chuireadh siad na gasúir ag cuartú cnámha le haghaidh na tine a dhéanamh suas. Nuair a bhíodh chuile shórt acu ansin dhéanadh siad an tine. Chuireadh siad na ceirtlíní agus an ola leo ag an tine.
Nuair a bhíodh sé sin déanta acu agus an tine dearg chuireadh siad ola ar na ceirtlíní agus chuireadh siad sa tine iad le lasadh. Nuair a bhíodh siad lasta acu thugadh siad aníos as an tine iad agus bhíodh siad á gcaitheamh suas san aer agus iad lasta. 

Nuair a bhíodh na ceirtlíní uilig caite acu théadh siad ag tabhairt turas thart timpeall na tine agus iad ag bualadh báire.
‘Sé an fáth go ndéantaí an tine chnámh. Fadó nuair bhí Sasana agus a cuid saighdiúirí in Éirinn agus iad ag cur iallach ar chuile theach saighdiúir a dhul ina arm agus teach ar bith a mbeadh saighdiúir leo san arm dhéanadh siad tine agus lasadh siad san tine é, agus sé an fáth go ndéanfadh siad é sin mar bhíodh siad ag déanamh bearráin ar Sheán Buí.

Tá pisreoga ann faoin tine chnámh. Nuair a bhíonn siad ag dul abhaile tugann siad splanc leo as an tine agus caitheann siad ins na fataí é.

Colm Ó hEidhin, An Cnoc, Leitir Móir, Conamara a scríobh ar an 26 Meitheamh 1938

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Oíche Fhéile Eoin – chomh luath agus a thagas na gasúir leis an ola is ea thosaíonn an spóirt'