Ó DHÚCHAS: Oíche chinn an dá lá dhéag, bhreathnaigh mé ar an bhfarraige is shíleas gur trí lasadh a bhí sí

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo, oileán draíochta le feiceáil amach ins an bhfarraige mhór in aice le hÁrainn

Ó DHÚCHAS: Oíche chinn an dá lá dhéag, bhreathnaigh mé ar an bhfarraige is shíleas gur trí lasadh a bhí sí

Oíche Chinn an Dá lá Dhéag

Gach aon seachtú bliain Oíche Chinn An Dá Lá Dhéag bíonn oileán draíochta le feiceáil amach ins an bhfarraige mhór in aice le Inis Mór in Árainn.Anuraidh (ar an 5ú Eanáir 1938) chonaic mé féin an t-oileán. Bhí mé féin is gach duine againn sa teach thíos ag an nGarraí Ard, garraí é seo atá an-ard is bíonn amharc breá le feiceáil uaidh ins gach áit thart timpeall air agus dhá bhrí sin, bhí amharc breá le feiceáil againn ar an oileán.
Mé fhéin an chéad duine a chonaic an t-oileán. Bhreathnaigh mé ar an bhfarraige is shíleas gur trí lasadh a bhí sí, bhí an oiread sin soilse le feiceáil amach ar an bhfarraige.

B’iontach an t-amharc é, bhí sé mar a bheadh na milliúin coinnle lasta amach ar an bhfarraige agus bhí suntas maith le tabhairt dó mar ní raibh sé ach i spota amháin den fharraige. Ní raibh duine ar an mbaile nach ndeachaigh síos ag breathnú ar na soilse an oíche sin.
Chuala mé na seandaoine ag rá go ndeachaigh triúr fear as an gCaorán amach i gcurach oíche dá bhfaca siad an t-oileán le súil is go bhféadfadh siad é a choinneáil i mbarr uisce i gcónaí mar deirtear dá gcaithfeá bróg nó caipín nó rud ar bith isteach ar an oileán go bhfanfadh sé tirim.
Bhí go maith agus ní raibh go holc, nuair a chonaic an triúr seo é dúirt siad go ngabhfadh siad amach go dtí é. Nuair a cheap siad a bheith in aice leis shíl duine acu a hata a chaitheamh isteach air ach bhí an t-oileán imithe is ní fhaca siad ní ba mhó é.

Bailitheoir

Áine Ní Fhatharta, 13.5 bliain d’aois i 1938, Baile na hAbhann, Conamara

 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Oíche chinn an dá lá dhéag, bhreathnaigh mé ar an bhfarraige is shíleas gur trí lasadh a bhí sí'