Ó DHÚCHAS: Nuair a dhíoltar beithíoch tugtar scilling nó réal ina theannta chun ratha…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá seanchas againn faoi na haontaí a bhíodh sa Daingean sna 1930idí

Ó DHÚCHAS: Nuair a dhíoltar beithíoch tugtar scilling nó réal ina theannta chun ratha…

Bíonn aonach sa Daingean an Satharn deireanach de gach mí. Bíonn muca, beithígh agus caoirigh le díol ann. Tá páirc an aonaigh sa ‘Spa Road’ sa Daingean. Díoltar dhá phingin paidhc ar gach beithíoch a chuirtear isteach i bpáirc an aonaigh. Nuair a díoltar beithíoch tugtar scilling nó réal ina theannta chun ratha. Nuair a bhíonn an margadh déanta idir beirt fhear sánn an ceannaitheoir a bhata san phluid (phluda) agus cuireann sé cuid den phluid in airde ar dhroim an bheithígh atá díolta.

Nuair a díoltaí capall fadó thugtaí an cheanrach in éineacht leis. ’Siad na haontaí is mó a bhíonn san áit seo ná: Aonach an Daingin, Aonach Bhaile an Chláir, Aonach Chaisleáin agus Aonach Champa. Bíonn aonach muc sa Daingean an Céadaoin deireanach de gach mí agus bíonn aonach muc i gCaisleán Ghriaire uair sa mhí leis.

I nDaingean Uí Chúis agus Caisleán Ghriaire a bhíonn na haontaí anso. Théadh na ceannaitheoirí ó thigh go tigh fadó ag ceannach muca. Uaireanta eile is amhlaidh a thiomáinidís na muca go dtí an Daingean chun iad do dhíol mar ní raibh aon chairt acu agus bhí drochbhóthar ann leis. Nil aon pháirc aonaigh in Caisleán (Ghriaire). Is amhlaidh a dhíolann siad na hainmhithe ar an tsráid.

Tá páirc aonaigh an stoic ar an taobh thoir den Daingean agus tá páirc aonaigh na muc ar an taobh thiar thuaidh den bhaile mór. Chaithfeá dhá phingin do dhíol as gach ceann de na hainmhithe. Téann sé sin go dtí an té gur leis an pháirc.
Ag dul isteach go dtí páirc aonach na muc chaithfeá trí pingine an ceann dos na muca a dhíol agus dá mbeifeá ag breith capall agus cairt isteach ann chaithfeá ceithre pingine do dhíol don fhear gur leis an pháirc. Nuair a bhíonn an stoc ceannaithe ag na ceannaitheoirí marcálann siad é le siosúr nó le dath.

– Siobhán Ní Rócháin, Lios na mBóbhán, Corca Dhuibhne, Co Chiarraí a fuair an t-eolas seo ó Shéamus Ághas ar an mbaile céanna

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Nuair a dhíoltar beithíoch tugtar scilling nó réal ina theannta chun ratha…'