Ó DHÚCHAS: Nuair a chuaigh Bríd isteach sa chlochar bhí sí an-álainn agus an-chuthaileach

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo, tá seanchas againn faoi Naomh Bríd…

Ó DHÚCHAS: Nuair a chuaigh Bríd isteach sa chlochar bhí sí an-álainn agus an-chuthaileach

Crosanna Naomh Brighid

Deintí na crosanna as tuí nó as luachair oíche Lá Fhéile Brighde. Cuirtear isteach sa díon tuí iad. Is é an fáth go ndéantar e seo ná chun an tigh a shaoradh ó olc ar feadh na bliana. Tá scéal ar conas ar thosnaigh an nós.

Bhí Naomh Brighid agus a comrádaí oíche amháin ag taisteal trí Mhaigh Eo agus chuadar ar seachrán. Do thugadar faoi ndeara solas beag ag lonradh i bhfad uathu agus thugadar aghaidh air. Bhí sé ag teacht ó thigh beag ina raibh seanbheirt ina gcónaí.

Nuair a chuadar isteach d’fhiafraíodar mar gheall ar a n-aistear agus fuaireadar gach eolas a bhí de dhíth orthu ón seanfhear. Thug sé cuireadh di teacht isteach agus deoch bhainne do bhlaiseadh. Do thoiligh sí dó sin. Thug an tseanbhean an bainne di. Do chrom Brighid síos agus do phioc suas brobh luachra ón dtalamh agus dhein comhartha na croise os cionn an bhainne agus d’ól é.

D’fhiafraigh an seanfhear di cad iad na comharthaí a dhein sí os cionn an bhainne agus cén fáth gur dhein sí iad. Dúirt sise gurbh amhlaidh a bhí nimh sa bhainne agus gurbh in an fáth gur dhein sí comhartha na croise os a chionn. Dúirt an seanfhear nárbh amhlaidh a bhí ach do chaith an tseanbhean í féin ar a glúine os comhair Bhrighde agus d’iarr maithiúnas ar an naomh.

D’fhiafraigh Brighid di cén fáth gur dhein sí a leithéid agus dúirt an bhean gur shantaigh sí an chros órga a bhí Brighid a chaitheamh. Níor chaith Brighid riamh ina dhiaidh sin ach cros airgid.

An Bhrídeog

Nuair a chuaigh Brighid isteach sa chlochar i dtosach bhí sí an-álainn agus an-chuthaileach. Ní rachadh sí amach leis an mná rialta i measc an phobail ar aon rud. Lá amháin dúirt an bhan-ab lei go gcaithfeadh sí siúl amach an tráthnóna sin léi féin. Do dhiúltaigh Brighid arís á rá go mbeadh gach duine á tabhairt faoi deara dá dtéadh sí amach. Ach dúirt an bhan-ab léi gan aon eagla a bheith uirthi.

Lena linn seo ullmhaíodh fráma cosúil le bráca agus isteach i ngach poll cuireadh coinneal ar lasadh. Chuir an bhan-ab é seo ar a ceann féin agus in éineacht le Brighid do shiúil an bheirt amach.

Bhí gach duine ag féachaint ar na mnaoi rialta go raibh an rud ait ar a ceann ach níor chuir éinne suim ar bith i mBrighid. Seo mar a thosnaigh an Bhrídeog.

Tugann an buachaillí amach an ‘Bhrighid Óg’ agus aghaidh fidil orthu agus ní chuireann aon duine sonrú ar bith i mBrighid.

Liam Ó Leighinn a bhí ag múineadh i Scoil Náisiúnta na Glaise Buí i gCathair Chorcaí a scríobh an tuairisc seo i 1938

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Nuair a chuaigh Bríd isteach sa chlochar bhí sí an-álainn agus an-chuthaileach'

  • Anna Ni Fhianusa

    Nach iontach na scéalta seo a fhoilsiú – maith sibh. Is mór an trua nach bfhuil clár ar Bhríd Naofa ar RTE nó ar TG4. Tá cúinní den tír nár chuala scéal Bhríd riamh agus í mar ban phátrún orainn. Tá sé de nós agam timpeall 50 cros Bríde a fhí gach bliain agus iad a chur amach ceangailte le sean carbhat (Brat Bríde) oíche na féile chun an bheannacht a fháil orthu. Ar Lá ‘le Bríde déanaim camchuairt ar mo cháirde agus mo chlann agus bronnaim ceann nó dhó an duine orthu. Bíonn an- éileamh orthu i gcónaí. Tá sé ag eirí níos deacaire gach bliain na luachra a fháil mar tá siad á ghearradh sna páirceanna agus sna portach. Beannachatí na Féile oraibh go léir.