Ó DHÚCHAS: Níor tháinig Naomh Pádraig riamh go Ciarraí ach bheannaigh sé uaidh siar é

Ón gcartlann - i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol faoi Naomh Pádraig ar a lá féile

Ó DHÚCHAS: Níor tháinig Naomh Pádraig riamh go Ciarraí ach bheannaigh sé uaidh siar é

Lá Fhéile Pádraig

Lá saoire bliantúil is ea Lá ’le Pádraig. Caitheann gach duine píosa seamróige an lá úd mar is leis an tseamróg a mhúin Naomh Pádraig Rún na Tríonóide dúinn.

Fadó théadh na daoine isteach go dtí tigh tábhairne agus d’fhliuchadh siad an tseamróg istigh le huisce beatha agus bhídís ag ól is ag ól go dtí go mbídís bog meidhreach. Caithidís cláirseacha ar a gcóta. Iad féin a dheineadh na cláirseacha. Do bheiridís ubh agus phriocaidís a lámh le biorán. Ansan dheinidís an buíocán agus an fhuil do mheascadh. Chuiridís ar a muilte (muinchillí?) é. Ba dheas leat iad d’fheiscint an lá san nuair a bhíodh siad déanta suas acu.

Págánaigh dob ea na Sean-Ghaeil. Ní raibh a fhios acu mar gheall ar Dhia. D’adhraidís an ghrian, an ghealach, agus na réalta. Sara bhfuair Naomh Pádraig bás dúirt sé ná caillfeadh Éire creideamh Chríost go deo. Níor tháinig Naomh Pádraig riamh go Ciarraí ach deirtear gur bheannaigh sé uaidh siar é.

Micheál Ó Séaghda ó Chaladh an Uisce in Uíbh Ráthach, contae Chiarraí a d’eachtraigh.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Níor tháinig Naomh Pádraig riamh go Ciarraí ach bheannaigh sé uaidh siar é'