Ó DHÚCHAS: Ní ólfadh an gamhain bán an bainne Aoine an Chéasta…

Ón gCartlann: Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo léirítear dílseacht na gCiarraíoch do throscadh Aoine an Chéasta

Ó DHÚCHAS: Ní ólfadh an gamhain bán an bainne Aoine an Chéasta…

Bhí cailín Caitliceach in aimsir i dtigh mhinistir. Bhí mac an mhinistir i gcoláiste ag foghlaim chun ministir óg do dhéanamh dó. Tháinig sé abhaile aimsir na Cásca ar saoire. Bhíodh sé féin agus an cailín aimsire ag argóint go minic ar chúrsaí creidimh – é sin ag rá gur aige féin a bhí an creideamh ceart agus an cailín ag rá gur aici féin a bhí sé.

Tháinig Aoine an Chéasta. Bhí an cailín ag déanamh troscaidh an lá san. Nuair a bhí sí ag ithe a bricfeasta níor dhearmad mac an mhinistir teacht timpeall. Ní raibh de bhia aici ach tae dubh agus arán tirim. D’iarr sé ar an gcailín cad ina thaobh san. “Inniu Aoine an Chéasta,” ar sí “agus ní mór dom troscadh do dhéanamh.” “Ní fhéadfainnse an troscadh sin a dhéanamh,” ar sé, “ach chomh beag leis an ngamhain bhán atá amuigh sa ghort.”

Bhí an bainne gan tabhairt don ngamhain bhán aici, agus thug sí amach é agus ní chuirfeadh an gamhain bán a phus air. Thug sí léi isteach é agus dúirt sí leis ná hólfadh an gamhain bán an bainne uaithi. “Ní gá dhuit a bheith ag magadh,” ar sé ag breith ar an mbuicéad agus á thógaint amach leis. Ach ní ólfadh an gamhain bán an bainne uaidh.

Thug sé leis isteach é agus dúirt sé – “Tá an ceart agat. Tá sé orm troscadh do dhéanamh agus lá mór féasta is ea an lá inniu. Rachad chun mo sheomra agus déanfad troscadh. Beidh siad ag cur mo thuairisce ach abair leo ná feadaraís cár ghabhas ó aimsir bricfeasta.” 

Bhí dinnéar breá ar an mbord ag an ministir an lá san. Ní raibh mac an mhinistir le fáil agus daoine thall is abhus á lorg. Fiafraíodh den chailín aimsire an bhfaca sí é. “Bhí sé timpeall aimsir bricfeasta,” ar sise “agus do chuas go dtí an tobar agus ar theacht abaile dhom ní raibh sé istigh.”

Chuadar go dtí a sheomra. Bhi sé fé ghlas ón dtaobh istigh.

Eibhlín Ní Chonchúir, Cill Chúile, Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní ólfadh an gamhain bán an bainne Aoine an Chéasta…'