Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí an t-athair iontach feargach agus bradach. Théadh an fhearg go holc dó agus ghoillfeadh rud ar bhith air. Bhí siad cúpla bliain pósta nuair a bhí an chéad duine clainne ann.
Girseach do bhí ann. D’éirigh sí seo mór is bhíodh sí ar scoil gach lá. Nuair a thigeadh sí ch’an bhaile tráthnóna ghníodh sí timireacht don mháthair ach cha ndéanadh sí a dhath don athair.
Tráthnóna amháin gheall an t-athair go raibh sé ag dul á bualadh lá arna mhárach (ach níor dhúirt sé ‘le cuidiú Dé’). Lá arna mhárach nuair a d’éirigh siad bhí an t-athair marbh.
Nuair a chuala a iníon seo thosaigh sí a gháirí.
“Caidé an fáth a bhfuil tú a gháirí agus d’athair marbh?” arsa an mháthair.
Ansin arsa an ghirseach. “Gheall m’athair go mbuailfeadh sé mé inniu agus anois ní thig leis mé a bhualadh.”
B’fhéidir dá ndéarfadh sé ‘le cuidiú Dé’ go mbeadh sé beo agus go dtiocfadh leis í a bhualadh.
Máire Ní Dhubhthaigh, Scoil Thráigh Éanach, Teampall Cróine, Co Dhún na nGall
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní ghineann ansmacht gean '