An Buachaill Glic
Do bhí feirmeoir ann fadó agus bhí triúr iníon aige. Bhí beirt acu pósta ach an tríú cailín ní raibh mórán maitheasa inti. Bhí sí dána agus theastaigh uaithi a slí féin a bheith aici i gcónaí.
Do bhuail buachaill an tslí lá agus d’fhiafraigh sé den fheirmeoir an raibh aon iníon eile aige ach í seo.
Dúirt an feirmeoir go raibh beirt acu ach go rabhadar pósta.
“Agus cad tá uirthi seo ná bhfuil sí pósta?” arsa an buachaill.
“Tá,” arsa an feirmeoir “ná fuil sí chun mo thola agam agus tá a fhios ag na comharsain é agus níl éinne acu ag iarraidh í a phósadh.”
“Dá dtabharfadh tú domhsa í,” arsa an buachaill “agus beagán spré léi, thógfainn uait í.”
Tar éis tamaill shocraíodar lena chéile agus dheineadar an cleamhnas.
Nuair a bhíodar pósta d’fhan an buachaill sa tigh i bhfochair mhuintir a chéile agus ansin dúirt sé lena mhnaoi go gcaithfeadh sé í a fhágaint agus dul abhaile chun a insint dá mhuintir féin cad a bhí déanta aige.
Nuair a d’inis sé dá mhuintir cad a bhí déanta aige agus an spré a fuair sé bhíodar sásta. Dúradar leis dul agus an cailín a thabhairt leis abhaile.
Fuair sé seanchapall aosta caite agus na cnámha amach tríd agus gunna agus chuaigh sé thar n-ais fé dhéin a mhná.
Chuir sé ar chúlóg taobh thiar de ar an seanchapall í agus thiomáin sé leis.
Níorbh fhada a bhíodar ar an mbóthar nuair a d’éirigh giorria as tor ar thaobh an bhóthair agus do rith sí ón gcú.
Má rith níor chuir an cú aon tsuim ann mar ní fhaca sí an giorria.
“Seo,” arsa an buachaill leis an mhnaoi, “coimeád an srian san dom.”
Do dhein sí é agus mharaigh sé sin an cú agus chuaigh sé in airde arís ar an gcapall.
I gcionn tamaill eile bhíodar ag gabháil trí mhóinteán bog agus chuaigh an capall go dtína glúine ann.
Bhí an buachaill ag iarraidh í a thógaint amach ach ní fhéadfadh sé.
“Seo,” ar seisean lena mhnaoi, “Bí anuas.”
Do dhein sí amhlaidh agus do mharaigh sé an capall.
“Ó a Thiarna, cad tá déanta agat?”
“Cad tá déanta agam,” ar seisean. “Sin mar a dheinim le gach aon rud ná deineann mo chomhairle, iad do lámhach. Buail an diallait sin in airde ar do ghualainn agus beimis ag cur dínn.”
Ambasa bhí scanradh ag teacht uirthi agus thóg seisean an srian agus shiúladar leo.
Nuair a chuadar abhaile do bhí seirbhísigh acu agus am dinnéir gach aon lá bhíodh na seirbhísigh ag ceann an bhoird agus an bia ab fhearr acu agus an buachaill agus a bhean ag bun an bhoird agus gan aon rud acu ach práta agus gráinne salainn.
Ní ligfeadh eagla den mhnaoi aon rud a rá ar feadh cúpla lá ach sa deireadh do briseadh ar an bhfoighne uirthi.
“Cad é an chúis gach aon rud ag na seirbhísigh agus gan dada againne,” ar sise.
“Sé an chúis ná bheadh aon rud againn, táimid díomhaoin,” arsa an fear.
“Dá dtéinnse ag obair an dtabharfá gach aon rud dom?” ar sise.
“Thabharfainn,” ar seisean.
Maidin amárach do bhuail sí aprún uirthi agus ní obair mná a dheineadh sí ach obair ceathrar ban.
Do chuir a fear ar cheann an bhoird í agus do thug sé gach aon rud di.
I gcionn roinnt laethanta dúirt sé léi an t-aprún a chaitheamh di agus dúirt sé léi: “Ní chun tú a chrá ná a mharú a phós mise thú ach chun ciall a mhúineadh duit agus chun go mbeifeá mar gach aon bhean.”
Do dhein sí mar a dúradh léi agus do mhaireadar go sásta as san amach.
Cáit Ní Chéilleachair (15) a fuair an seanchas seo ó Chonchubhair Ó Céilleachair (72), Cúil an Bhuacaigh, Lios an Chraosaigh, Múscraí, Co Chorcaí
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Ní chun tú a chrá a phós mise thú ach chun ciall a mhúineadh duit agus chun go mbeifeá mar gach aon bhean’'