Ó DHÚCHAS: ‘Ní ceart creideamh anseo mar níl ann ach seafóid…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo, seachtain na gealaí úire, roinnfimid mír a bhaineann le cleas na gealaí

Ó DHÚCHAS: ‘Ní ceart creideamh anseo mar níl ann ach seafóid…’

Cleas na Gealaí Úire

Sa bpáirt seo de Chontae na Gaillimhe nuair a fheiceann na daoine an ghealach nua déanann siad cleas. Seo mar a dhéantar an cleas sin. Nuair a fheiceas duine an ghealach nua caithfidh sé coinneáil ag dearcadh uirthi nó go mbí an rann seo ráite aige:

A Ghealach úire a thugann solas ar an

domhan i ngach tír

Inis dom más mé a bheas aige mar mhnaoi,

Más ar a theallach a bheas mo shuí,

Agus más ar a fheilm a bheas mo bhó,

Agus más é mo dhilchomrádaí é arís go deo

Ansin cuireann an duine trí shnaidhm ar a naipcín, agus iarrann sé trí impí éigin, agus bíonn sé ag cuimhneamh ar dhuine áirithe éigin. Nuair a fheiceas an duine seo an té a mbeidh sé ag cuimhneamh air, agus a éadan a bheith iompaithe leis deirtear go bpósfar iad. Ní ceart creideamh anseo mar níl ann ach seafóid.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Ní ceart creideamh anseo mar níl ann ach seafóid…’'

  • Donnacha

    Is ceart creideamh anseo, mar níl ann ach hoodoo dúchais na nGael…