Ó DHÚCHAS: Ní bhíonn bean shiosmaideach gan seift…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Is léir an tseachtain seo nach mbíonn bean shiosmaideach gan seift…

Ó DHÚCHAS: Ní bhíonn bean shiosmaideach gan seift…

Bhí bean ann uair agus bhí triúr fear le fáil aici le pósadh. Bhí cuid mhór airgid agus talaimh aici. Bhí an chéad fhear ina bhúistéir, bhí an dara fear na ghréasaí agus mac feirmeora a bhí sa tríú fear. Ní raibh a fhios aici cé acu den triúr a ghlacfadh sí agus bhí sí i ndroch-araí.

Smaointigh sí ar chleas oíche agus í ina luí ar a leaba. Chuir sí uirthi éide mná boichte agus chuaigh sí i mbréagriocht mná boichte. D’imigh sí léi a chruinniú déirce.

Chuaigh sí an chéad oíche go teach an bhúistéara ach ní ró-shásta a bhí bean an tí lóistín na hoíche a thabhairt di. Fá dheireadh i ndiaidh mórán cainte ligeadh isteach í. Nuair a tháinig an búistéir isteach chuir sé ceist ar a mháthair cad chuige ar lig sí isteach an seanrud sin agus bhí sé fá choinne an bhean bhocht a chaitheamh amach ar an chnoc. D’iarr an mháthair air a fágáil ansin nach mbeadh sí acu ach oíche amháin. Fá dheireadh dúirt sé go dtiocfadh léi fanacht go maidin. An maidin d’éirigh an bhean bhocht go luath agus d’imigh sí léi. Dúirt sí ina hintinn féin nach bpósfadh sí an búistéir.

An dara hoíche chuir sí uirthi éide na mná boichte ar ais agus d’imigh sí a chruinniú. Chuaigh sí go dtí an teach a raibh an gréasaí ina chónaí ann. Lig bean an tí isteach í. Nuair a tháinig an gréasaí isteach d’fhiafraigh sé cárbh as a dtáinig an bhean bhocht agus cad chuige ar lig sí isteach í. D’iarr bean an tí air a fágáil ansin nach mbeadh sí acu ach oíche amháin. Ach fuair an gréasaí greim uirthi agus chaith sé amach í. Dúirt ina hintinn nach bpósfadh sí an gréasaí. Ansin bhain sí an baile amach.

Ag am dinnéir an tríú lá chuir sí uirthi éide na mná boichte agus d’imigh sí ag tarraingt ar theach mhic an fheirmeora. Bhuail sí ar an doras. Tháinig bean an tí amach agus chuir ceist uirthi caidé a bhí de dhíth uirthi. Dúirt sí go raibh sí ar lorg déirce. Bhí mac an fheirmeora ina shuí ag an tine agus d’iarr sé ar an mnaoi bhoicht theacht aníos agus a goradh a dhéanamh. Ansin d’iarr sé ar a mháthair dinnéar maith a thabhairt di. Fuair sí dinnéar agus nuair a bhí sí ag imeacht dúirt fear an tí go raibh sí an-chosúil leis an gcailín a raibh a mhacsan ina diaidh.

Cúpla lá ina dhiaidh sin chuaigh an gréasaí, an búistéir agus mac an fheirmeora chuici agus chuir siad forráin phósta uirthi. Dhiúltaigh sí an gréasaí agus an búistéir agus ghlac sí mac an fheirmeora. Pósadh iad agus bhí saol sona ámharach acu.

Pádraic Ó Dubhthaigh (60), Anagaire, Co Dhún na nGall

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní bhíonn bean shiosmaideach gan seift…'