Ó DHÚCHAS: Ní bhfaigheadh siad píosa aráin ná braon tae go dtiocfadh an Nollaig arís…

CARTLANN NA FÉILE: I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ón gcartlann faoin Nollaig ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Ní bhfaigheadh siad píosa aráin ná braon tae go dtiocfadh an Nollaig arís…

Sé an méid plúir a thiocfadh abhaile dhá chloch agus leathchloch ‘Christmas Box’. Cheannódh siad dhá phunt currainsí agus punt rísíní agus gheobhadh siad leathphunt isteach. Cheannódh siad ceithre phunt de mhuiceoil Mheiriceá agus cloigeann caorach, na scamhóga agus na haenna. Bhácáiltí cloch den phlúr le haghaidh an Nollaig Mhór, agus cloch eile le haghaidh an Nollaig Bheag agus bheadh leathchloch acu le haghaidh Lá Chinn. Bhruití dhá phunt den fheoil le haghaidh an Nollaig Mhór agus dhá phunt le haghaidh an Nollaig Bheag. Bhíodh an cloigeann caorach agus na haenna acu le haghaidh Lá Chinn. 

Cheannaíodh siad pionta fuisce ar chúig pingine déag ins an teach ab fhearr i nGaillimh san am sin a dtugtaí tigh ‘Katty Fiddle’ air. Chuireadh siad pionta uisce tríd an bhfuisce. D’óladh siad a leath oíche Nollag Mór agus an leath eile oíche Nollag Beag agus dhéanadh siad puins dó.  Cheannaíodh siad péire coinnle agus gheobhadh siad coinneal bheag isteach. Lasadh siad ceann de na coinnle Oíche Nollag Mór agus an ceann eile Oíche Nollag Beag agus bheadh an choinneal bheag acu le haghaidh Oíche Chinn an dá lá dhéag. Bhíodh an Nollaig thart ansin agus bhíodh an-chaitheamh ina diaidh acu. Chuireadh siad slán agus beannacht léi go ceann bliana mar ní bhfaigheadh siad píosa aráin ná braon tae go dtiocfadh an Nollaig arís. 

Faisnéiseoir
Seán Beaglach

Aois
70

Slí bheatha
Feirmeoir

Seoladh
Coill Uachtair,
Contae na Gaillimhe

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní bhfaigheadh siad píosa aráin ná braon tae go dtiocfadh an Nollaig arís…'