Ó DHÚCHAS: Naomh Gobnait agus arm na mbeach i mBaile Bhuirne

Lá Naomh Gobnait inniu. Seo ceann ón gcartlann. I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Naomh Gobnait agus arm na mbeach i mBaile Bhuirne

Chuaigh Finín Ó Donnchadha an Ghleanna agus a shaighdiúirí go Baile Mhúirne uair amháin ag glacadh creiche. Shroicheadar Baile Mhúirne in am mharbh na hoíche agus thosnaíodar láithreach ar gach capall agus gach beithíoch a sholáthar chucu. Pé in Éirinn é dhúisigh muintir na háite agus chuireadar ina gcoinne. Bhí Finín agus a chuid fear róláidir dóibh, rugadar an chreach leo agus siar leo i dtreo an Ghleanna arís.
Chuir muintir Bhaile Mhúirne a gcomhairle i dteannta a chéile ansan féachaint cad ab fhearr dóibh a dhéanamh agus i ndeireadh na dála shocraíodar go rachaidís ar lorg fóirithinte ar Naomh Gobnatan mar bhí an-iontaisí á ndéanamh aici leis na beacha beannaithe an uair úd.

Págánach dob ea an taoiseach a bhí orthu agus níor mhaith leis dul chuici ach b’éigean dó. Gheall Naomh Gobnait go dtabharfadh sí a gcuid stoic ar ais chucu ar choinníoll go n-iompódh an taoiseach ina Chaitliceach. D’iompaigh sé. Siar i ndiaidh lucht na creiche le Naomh Gobnait, an beachaire ina láimh aici agus í cosnochta. Tháinig sí suas leo ar theorainn an dá chontae agus do chroith sí an beachaire san aer agus tháinig na beacha amach. Dhein saighdiúirí díobh. Bhí an-bhruíon idir an dá dhream ansin agus sa deireadh cuireadh an ruaig ar lucht na creiche.

Chuaigh na beacha isteach san bheachaire arís agus d’imigh Gobnait abhaile leis an gcreach.

Faisnéiseoir: Pádruig Ó hÉaluigh (65)
Cluain Chaoin,
Gleann Fleisce,
Cill Airne,
Co Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Naomh Gobnait agus arm na mbeach i mBaile Bhuirne'