Ó DHÚCHAS: Naomh Cáilín pátrún na n-iascairí a choinnigh óna mbá iad

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. Beidh lá féile Naomh Cáilín againn go gairid agus inniu tá a chumas á ríomh…

Ó DHÚCHAS: Naomh Cáilín pátrún na n-iascairí a choinnigh óna mbá iad

Is é Naomh Cáilín pátrún an pharóiste seo. Chuir sé séipéal ar bun ar oileán in aice le Ceann Léime, agus tá na seanfhothracha le feiceáil fós. Bhí sé ar lorg áit le cur faoi ann agus shocraigh sé ar áit dheas i Manainn Mhór ach chuala sé clog a dhearthár, agus bhí fhios aige nach raibh sé san áit ab fhearr ó bhí sé in ann clog a dhearthár a chloisteáil. Dhruid sé leis agus shocraigh sé ar an gCaorán Mór. Tá tobar Cháilín san áit sin. Chuaigh sé go oileán agus rinne sé séipéal ann.

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chláiríneach agus chuaigh sé go tobar Cháilín agus ní raibh sé in ann dul thar an gclaí agus dúirt sé: ‘A Cháilín, a Cháilín, Mac Ard-Rí Laighean, tá mé i mo chláiríneach agus leag an claí.’

Nuair a bhí na focla sin ráite aige léim sé thar an gclaí agus é chomh maith agus bhí sé ariamh.

Deireann na seandaoine go raibh fear ann agus níor chreid sé i Naomh Cáilín ach mar sin féin chuaigh sé de léim isteach ins an tobar agus chonaic sé ronnach ag léim isteach. D’inis sé a scéal do na comharsana agus chuaigh siad amach ag iascaireacht an oíche sin agus fuair siad a lán éisc. Do chreid sé i Naomh Cáilín ansin.

Bhí fear eile a thug easonóir do Naomh Cáilín. Fear darbh ainm Richard Sloans a bhí ag obair sa teach solais i gCeann Léime. Protastúnach a bhí ann. Lá amháin chonaic sé a lán daoine ag dul isteach go dtí oileán an tséipéil agus ní raibh a fhios aige go raibh siad ag féachaint ar shéipéal Cháilín. Dúirt sé: ‘Ní fada gur liomsa an séipéal sin.’

Chuaigh sé isteach ar an oileán agus scríobh sé a ainm ar bhalla an tséipéil. D’éirigh an fear tinn agus chuaigh sé as a mheabhair.

Sé Naomh Cáilín pátrún na n-iascairí agus deirtear nár bádh aon duine ariamh bhí ag iascaireacht thart timpeall Oileán an tSéipéil.

Bíonn Lá Fhéile Cáilín, sé sin an tríú lá déag de mhí na Samhna ina lá mór saoire ins an áit seo agus tugann chuile dhuine cuairt chuig an tobar.

– Máire Ní Laoidhe a fuair an seanchas seo óna hathair Pádraig (58), Dún Locháin, Baile na hInse, Conamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Naomh Cáilín pátrún na n-iascairí a choinnigh óna mbá iad'