Ó DHÚCHAS: Na trí gártha ab fhearr – na gártha guí, na gártha beannachta agus na gártha paidreacha

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna as Bailiúchán na Scol. An tseachtain seo scéal as Dún na nGall faoi phaidir an bhacaigh…

Ó DHÚCHAS: Na trí gártha ab fhearr – na gártha guí, na gártha beannachta agus na gártha paidreacha

Go mbeannaí Dia, Muire, Pádraig, Eoghan Baiste agus Colm Cille faoi chluthair bheannaithe an tí seo. Tá mise ag teacht leis na trí ghártha ab fhearr a bhí i mbaile ná in aon áit ariamh – mar atá – na gártha guí, na gártha beannachta agus na gártha paidreacha le bheith ag guí orainn ag an lic sin Dhonnchaidh, an áit a mbíonn na crainn críonna ar maidin agus an t-úll glas tráthnóna; le bhur dtubaiste a chur ar Bhord Thithe na mBocht. Rilíf an dá chois, rilíf an chaibín chaim, ar mhór-ní é, a shean-luibear agus Carraig a’ Mhonamair.

Ach sé chuir mise ag iarraidh na déirce seo ó thús, cailín a dtug mé grá íseal di. B’fhéidir go bhfaca sibh ag dul thart anseo í, cailín íseal ard, scolbánta fada dubh buí, minircín ar a dhá chois, béim leata ar a laidhre agus milleadh bróige ar a gcoróin. Scoth rubaill uirthi mar a bheadh ar ghréasaí, ar fhíodóir, nó ar fhear cóiste. Dúil mhór i dtine, i dtochas, agus i ngearr-ghlámanna  tobac.
Lean mo chúis í go Tabharthú ar na Maimirigh, go Bruid is go Baile na gCarraigín, go Má-gead is go Ceannon, go Fíris ‘na Baile an Aird. Laghad sin ar mo chostas mé agus b’éigean dom dhul ag iarraidh na déirce seo.

‘Sé a iarraim oraibh déirc a thabhairt don duine bhocht atá gan cur earraigh, gan brí an fhómhair, gan cónaí geimhridh, gan lúth, gan láthair, gan bhean, gan mháthair le bheith ina seacht sáith i gcionn na bliana, bhur gcuid agus bhur gcostas i bportach agus i gcréafóig, i ndomasach is i léana, i sráid agus san mbaicyard agus i gceartlár an urláir.

‘Sé dúirt cailleach liom inné ná raibh aici ach trí seamaidí bó agus trí chat fireann ag diúl orthu: “Ní bhlitear iad sin ach achan naoi lá ach má fhanann tú go mblitear iad, gheobhadh tú braon dá gcuid bainne.”

An áit a gcasfaí orm cailleach lom bhréanach leisciúil de do shórt a déarfadh nach mbeadh bainne ag na ba seascair ná aon fhata bainte aici, bhuailfinn uirthi buille den chiotal, den bhruataoil, den mhórdán mhór, den steafóig chroim os cionn na tóna uirthi a chuirfeadh siúl ina seasamh ina comhra lom.”

Ná is iomaí mála scáirtí ormsa cibé ná léar daoibhse mo dheacair, mála an tuí, mála an tseoigh, mála an tslinneáin, mála an mhuineáil, croismhála is mála na tóna agus an wool bag. Slasaire, pasaire, gob na déirce, piniscín, crúiscín is an butter box.

Cuirigí chugam fad uilleach tobaco a thachtadh mac fhirín an ghrutha, rith spóil d’ucht na caorach, meadar leanna, is má dhearmad mise dada tabhairigí féin dom é.

Áine Ní Fhuathaigh, oide i Scoil Loch Muc i nDún na nGall a fuair an seanchas seo ó Bhean Bheárnaí Longáin (60) i Srath an Arbhair agus chuala sise ag Paidí Maelúin as Mín an Duáin é nuair a bhí sí óg. Ceaptar gur rann é a bhíodh ag fear siúil.  

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Na trí gártha ab fhearr – na gártha guí, na gártha beannachta agus na gártha paidreacha'