Ó DHÚCHAS: Ná dún do shúile ar bhean ón saol eile

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo seanchas as Béarra faoi bhean ón saol eile a gcaithfí beannú di..

Ó DHÚCHAS: Ná dún do shúile ar bhean ón saol eile

Bhí fear ann agus bhí sé ina chónaí sa Drom Liath agus Pádraig Ó Súilleabháín an t-ainm a bhí air ach tugadh leasainm air leis Paddy the Rowler. Bhíodh cailín a taispeáint féin dó ón saol eile agus bhí aithne mhaith aige uirthi sara bhfuair sí bás.

Nuair a théadh sé i gcomhair mála móna a thabhairt isteach bhíodh sí ina suí ar bhéal na cruaiche agus uaireanta chaithfeadh sé na fóid a thógaint ó gach taobh di. Nuair a théadh sé ag baint fionnáin, nuair a bheadh glúinín den fhionnán déanta shuíodh sí ann agus is mó uair a chaitheadh sé imeacht abhaile agus an glúinín do fhágaint ina dhiaidh.

Nuair a bheadh sé ag cur ughaim [úim] ar an asal, bheadh sí ina suí ar an úim agus ní fhéadadh sé é a ghléasadh in aon chor. Is mó oíche a bhí sé ag teacht abhaile tar éis a bheith ag siúl, d’fhéachadh sé isteach tríd an bhfuinneog agus bhíodh sí istigh le hais na tine ag tógaint suas na bprátaí ina láimh a bhí le hais na tine á gcoimeád te i gcomhair suipéir. 

Tháinig drochintinn ar Phádraig agus d’fhéach sé ar na prátaí agus fuair sé bioráin de gach saghas sáite tríothu. Bhí eagla ag teacht  air. Bhí gach aoinne ag tabhairt comhairle dó chun labhairt léi. Dúirt Pádraig go labhródh sé léi ón gcéad lá ach bhí eagla air go gcuirfeadh sí pionós éigin róchrua ná féadfadh sé a dhéanamh air.

Sa deireadh d’imigh sé go dtí an sagart agus d’inis sé an scéal dó. Dúirt an sagart leis: “An chéad uair eile a gcasfaidh sí leat labhair léi.”

D’imigh sé abhaile agus bhí sé ag dul suas ar thaobh amháin den chlaí agus bhí sí sin ag teacht fé anuas ar an dtaobh eile agus bhí sí anairde ar an gclaí roimis.

Dúirt Pádraig: “Cad tá uait?” agus dúirt sí: “Is mithid duit labhairt agus muna labhrófá anois do dhíolfá daor as.”

Dúirt Pádraig ná neosfadh sé d’aoinne ina bheatha cad a bhí idir é féin agus an cailín. 

An fhaid a bhíodar ag caint tháinig Muiris de Paor anuas an cosán chucu, go ndéana Dia grásta ar a anam. Dúirt an Rowler druidim siar anso nó go bhfeicfeadh sé iad ach níor dhein sí ach a lámh a chur os cionn a cinn amach agus d’imigh Muiris thairis gan aoinne acu d’fheiscint.

Sé an focal deireanach a dúirt sí leis: “Tiocfad arís sara ngeobhair bás”.

Ach níor chuala aoinne ar tháinig nó nár tháinig mar fuair sé bás go hobann.

– Óna athair a fuair  Conchubhair Ó Súilleabháin, An Cheapach Liath, Béarra, Co Chorcaí  an scéal seo. ‘Tá m’athair deich is dhá fichid bliana agus fuair sé ón bhfear féin é agus níl sé sin marbh ach le cúpla bliain. An-seanchaí ab ea é agus bhíodh sé ag insint scéalta i ngach aon áit.’

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ná dún do shúile ar bhean ón saol eile'