Ó DHÚCHAS: Mo mhallacht don té bhíos ag inseacht nó ag tarraingt na bpílears san áit…

Uair sa tseachtain, foilsítear seanchas i gcomhar le Dúchas.ie. Bhíodh an-tóir ar phoitín na Nollag agus tá amhrán againn á mholadh an tseachtain seo as an Droim i Leitir Móir

Ó DHÚCHAS: Mo mhallacht don té bhíos ag inseacht nó ag tarraingt na bpílears san áit…

Nach deas an rud poitín sa tír seo
D’íocfadh sé cíos go ríbhreá {is poor law}
Sláinte do dhuine bheadh tinn é
Is thógfadh sé intinn a lán
Nach álainn an rud ag fear siamsa
É ’fáil gloine dhe líonta ina láimh
Go leigheasfadh sé casacht na hoíche
Is cuisleachaí an chroí a dhéanamh slán.

Ní maith liom an poitín a dhíbirt
Ós rídheas an rud é san áit
Ó fhágfas tú Casla go hInbhear
Siúd é an sórt siamsa a bhíos ann.
Mo mhallacht don té bhíos ag inseacht
Nó ag tarraingt na bpílears san áit
Go minic go mb’fhearr leo an suaimhneas
Ná a mbuafaidís choíche ar é fháil.

Bhí a raibh ins an mbeairic sách suaimhneach
Go dtáinig Cab Fionn ins an áit
I leaba é bheith againn ‘na Chríostaí
Ba crochadóir tíre a bhí ann.
A Sheáin Dhuibh mara n-athraí tú tréithe
’s dearcadh isteach géar ins an gcás
Is gearr é do chairde ar an saol seo
Mar a d’iompóinn an t-éan in mo láimh.

A Sheáin Dhuibh, sé mallacht na gcomharsan
A d’athraigh do shnó is do bhláth
Tá cosúlacht mhailíseach ghruama ort
Is ní thaitníonn do ghnúis leis na mná.
Is measa thú ná an Síogaí ’s ná ‘n púca
Is ná sprid na drúise roimh lá
Dá dtógfadh an cat mara ar siúl thú
Bheadh poitín gan chúntas le fáil.

Tá amharc ag Seán Dubh chomh géar
Leis an iolrach nuair a éiríos sí ard
Is luaithe é ná siolla den ghaoth
Sé is samhailt dó Síogaí Chnoc Meá,
Deamhan deatach a bhainfeá as píopa
I bportach, i dtrinse, ná i ngleann
Nach bhfeicfeadh sé ar uair an mheán-oíche
‘S nach deacair dhúinn braon ar bith fháil.

Tá seanbheainín idir dhá Inbhear
Níl aici ach aon chaoirín amháin
Níl gráinne tobac ina píopa
Ach sop aici brúite ina bharr.
Cheannaigh sí bairille síl
Mar shúil a dhéanamh ní b’fhearr
Ach ní raibh ann ach go raibh an pota ‘teacht timpeall
Nuair a tháinig Cab Fionn ar an tsráid.

Bríd Puirséal agus Máire Bean Uí Dhuibheagáin a thóg an seanchas seo ó na gasúr i Scoil an Chnoic i Leitir Móir, mí na Samhna 1935

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Mo mhallacht don té bhíos ag inseacht nó ag tarraingt na bpílears san áit…'